+Airteagal 5 Íoscheanglais feidhmíochta fuinnimh a shocrú
---+Airteagal 5 1.
---+Airteagal 5 2.
---+Airteagal 5 3.

Airteagal 5 Íoscheanglais feidhmíochta fuinnimh a shocrú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 5 1.
Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go socrófar íoscheanglais feidhmíochta fuinnimh d’fhoirgnimh nó d’aonaid foirgnimh d’fhonn, ar a laghad, na leibhéil is fearr costas agus, i gcás inarb ábhartha, luachanna tagartha níos déine a bhaint amach, mar shampla, ceanglais maidir le foirgnimh atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh de agus ceanglais maidir le foirgnimh astaíochtaí nialasacha. Déanfar an fheidhmíocht fuinnimh a ríomh i gcomhréir leis an modheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 4. Déanfar na leibhéil is fearr costas a ríomh i gcomhréir leis an gcreat modheolaíochta comparáideach dá dtagraítear in Airteagal 6.

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go socraítear íoscheanglais feidhmíochta fuinnimh le haghaidh eilimintí foirgnimh atá mar chuid den imchlúdach foirgnimh agus a bhfuil tionchar mór acu ar fheidhmíocht fuinnimh an imchlúdaigh foirgnimh nuair a dhéantar iad a ionadú nó a iarfheistiú, d’fhonn ar a laghad na leibhéil is fearr costas a bhaint amach. Féadfaidh na Ballstáit na ceanglais maidir le heilimintí foirgnimh a shocrú ar leibhéal a d’éascódh córais téimh ísealteochta a shuiteáil go héifeachtach i bhfoirgnimh athchóirithe.

Nuair a shocraítear ceanglais, féadfaidh na Ballstáit dealú a dhéanamh idir foirgnimh nua agus foirgnimh atá ann cheana agus idir catagóirí difriúla foirgneamh.

Leis na ceanglais sin, cuirfear san áireamh cáilíocht na timpeallachta laistigh is fearr is féidir laistigh, chun tionchar diúltach féideartha a sheachaint, amhail aeráil uireasach, chomh maith le dálaí áitiúla agus feidhm ainmnithe agus aois an fhoirgnimh.

Déanfaidh Ballstáit a n-íoscheanglais feidhmíochta fuinnimh a athbhreithniú ag tráthanna rialta nach faide ná gach 5 bliana agus déanfaidh siad iad, más gá, a uasghrádú chun an dul chun cinn teicniúil san earnáil tógála, torthaí an ríomha is fearr costais a leagtar amach in Airteagal 6, agus beartais agus spriocanna náisiúnta aeráide agus fuinnimh cothrom le dáta a léiriú.

Airteagal 5 2.
Féadfaidh Ballstáit na ceanglais dá dtagraítear i mír 1 a oiriúnú d’fhoirgnimh atá cosanta go hoifigiúil, ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil, mar chuid de chomhshaol ainmnithe nó toisc go bhfuil fiúntas speisialta ailtireachta nó stairiúil ag baint leo, sa mhéid go dtiocfadh athrú nach bhféadfaí glacadh leis ar charachtar nó cuma na bhfoirgneamh dá gcloífí le ceanglais áirithe.
Airteagal 5 3.

Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh gan na ceanglais dá dtagraítear i mír 1 a shocrú nó a chur i bhfeidhm maidir leis na catagóirí foirgneamh seo a leanas:

(a) 

foirgnimh atá faoi úinéireacht na bhfórsaí armtha nó an rialtais láir agus a fhónann do chríocha cosanta náisiúnta, seachas áit chónaithe aonair nó foirgnimh oifige do na fórsaí armtha agus do bhaill foirne eile arna bhfostú ag údaráis náisiúnta cosanta;

(b) 

foirgnimh a úsáidtear mar ionaid adhartha agus le haghaidh gníomhaíochtaí reiligiúnacha;

(c) 

foirgnimh shealadacha ag a bhfuil am úsáide 2 bhliain nó níos lú, suíomhanna tionsclaíochta, ceardlanna agus foirgnimh talmhaíochta nach foirgnimh chónaithe iad ag a bhfuil éileamh fuinnimh íseal agus foirgnimh talmhaíochta nach foirgnimh chónaithe iad atá in úsáid ag earnáil atá cumhdaithe faoi chomhaontas earnála náisiúnta maidir le feidhmíocht fuinnimh;

(d) 

foirgnimh chónaithe a úsáidtear nó a bhfuil sé i gceist iad a úsáid ar feadh tréimhse níos lú ná 4 mhí in aghaidh na bliana nó, de rogha air sin, ar feadh am úsáide na bliana atá teoranta agus ag a bhfuil tomhaltas fuinnimh réamh-mheasta atá níos lú ná 25 % den mhéid a bheadh mar thoradh ar a n-úsáid don bhliain ar fad;

(e) 

foirgnimh shaorsheasaimh a bhfuil achar urláir úsáideach iomlán níos lú ná 50 m2 iontu.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 24.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1275
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.