+Airteagal 8 Foirgnimh atá ann cheana
---+Airteagal 8 1.
---+Airteagal 8 2.
---+Airteagal 8 3.

Airteagal 8 Foirgnimh atá ann cheana

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 8 1.
Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú, nuair a dhéantar athchóiriú mór ar fhoirgnimh, go ndéanfar feidhmíocht fuinnimh an fhoirgnimh, nó na páirte athchóirithe de, a nuashonrú chun na híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 5 a mhéid is indéanta go teicniúil, go feidhmiúil agus go heacnamaíoch.

Cuirfear na ceanglais sin i bhfeidhm ar an bhfoirgneamh athchóirithe nó ar an aonad foirgnimh ina iomláine. Sa bhreis air sin nó mar mhalairt air sin, féadfar ceanglais a chur i bhfeidhm maidir leis na heilimintí foirgnimh athchóirithe.

Airteagal 8 2.
Ina theannta sin, i gcás ina ndéanfar eilimint foirgnimh ar cuid d’imchlúdach foirgnimh í agus a mbeidh tionchar mór aici ar fheidhmíocht fuinnimh an imchlúdaigh foirgnimh, i gcás ina ndéanfar sin a iarfheistiú nó a ionadú, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar na híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh a mhéid is indéanta go teicniúil, go feidhmiúil agus go heacnamaíoch.
Airteagal 8 3.
Maidir le foirgnimh a bhfuil athchóiriú mór á dhéanamh orthu, spreagfaidh na Ballstáit córais mhalartacha ardéifeachtúlachta, a mhéid is indéanta go teicniúil, go feidhmiúil agus go heacnamaíoch. Tabharfaidh na Ballstáit aghaidh, maidir le foirgnimh a bhfuil athchóiriú mór á dhéanamh orthu, ar na saincheisteanna maidir le cáilíocht na timpeallachta laistigh, oiriúnú don athrú aeráide, sábháilteacht ó dhóiteán, rioscaí a bhaineann le dianghníomhaíocht sheismeach, substaintí guaiseacha lena n-áirítear aispeist a bhaint, agus inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 24.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1275
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.