|
+Airteagal 9 6. |
Airteagal 9 6.Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh gan na híoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a chur i bhfeidhm i leith na gcatagóirí foirgneamh seo a leanas:
(a)
foirgnimh atá cosanta go hoifigiúil mar chuid de chomhshaol ainmnithe nó toisc go bhfuil fiúntas speisialta ailtireachta nó stairiúil ag baint leo, nó foirgnimh oidhreachta eile, sa mhéid go dtiocfadh athrú nach bhféadfaí glacadh leis ar charachtar nó cuma na bhfoirgneamh dá gcloífí leis na caighdeáin feidhmíochta fuinnimh, nó i gcás nach bhfuil athchóiriú na bhfoirgneamh sin indéanta go teicniúil nó go heacnamaíoch;
(b)
foirgnimh a úsáidtear mar ionaid adhartha agus le haghaidh gníomhaíochtaí reiligiúnacha;
(c)
foirgnimh shealadacha ag a bhfuil am úsáide 2 bhliain nó níos lú, suíomhanna tionsclaíochta, ceardlanna agus foirgnimh talmhaíochta nach foirgnimh chónaithe agus ag a bhfuil éileamh fuinnimh íseal agus foirgnimh talmhaíochta nach foirgnimh chónaithe iad agus atá in úsáid ag earnáil atá cumhdaithe faoi chomhaontas earnála náisiúnta maidir le feidhmíocht fuinnimh;
(d)
foirgnimh chónaithe a úsáidtear nó a bhfuil sé i gceist iad a úsáid ar feadh tréimhse níos lú ná 4 mhí in aghaidh na bliana nó, de rogha air sin, ar feadh am úsáide teoranta in aghaidh na bliana agus ag a bhfuil tomhaltas fuinnimh réamh-mheasta atá níos lú ná 25 % den mhéid a bheadh mar thoradh ar a n-úsáid don bhliain ar fad;
(e)
foirgnimh shaorsheasaimh a bhfuil achar urláir úsáideach iomlán níos lú ná 50 m2 iontu;
(f)
foirgnimh atá faoi úinéireacht na bhfórsaí armtha nó an rialtais láir agus a fhónann do chríocha cosanta náisiúnta, seachas áit chónaithe aonair nó foirgnimh oifige do na fórsaí armtha agus do bhaill foirne eile arna bhfostú ag údaráis náisiúnta cosanta. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|