+Airteagal 9 Íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh le haghaidh foirgnimh nach foirgnimh chónaithe iad agus conairí chun an stoic foirgneamh cónaithe a athchóiriú de réir a chéile
---+Airteagal 9 1.
---+Airteagal 9 2.
---+Airteagal 9 3.
---+Airteagal 9 4.
---+Airteagal 9 5.
---+Airteagal 9 6.
---+Airteagal 9 7.
---+Airteagal 9 8.
|
Airteagal 9 Íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh le haghaidh foirgnimh nach foirgnimh chónaithe iad agus conairí chun an stoic foirgneamh cónaithe a athchóiriú de réir a chéile
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 9 1.
|
Bunóidh na Ballstáit íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh le haghaidh foirgnimh nach foirgnimh chónaithe iad lena n-áiritheofar nach sáróidh na foirgnimh sin an uastairseach shonraithe feidhmíochta fuinnimh, dá dtagraítear sa tríú fomhír, arna sloinneadh le táscaire uimhriúil d’úsáid fuinnimh phríomhúil nó deiridh in kWh/(m2.y), faoi na dátaí a shonraítear sa chúigiú fomhír. Bunófar na huastairseacha feidhmíochta fuinnimh ar bhonn an stoic foirgneamh nach foirgnimh chónaithe iad an 1 Eanáir 2020, bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil agus, i gcás inarb iomchuí, ar shampláil staidrimh. Déanfaidh na Ballstáit foirgnimh nach foirgnimh chónaithe iad a dhíolmhaíonn siad de bhun mhír 6 a eisiamh ón mbonnlíne. Socróidh gach Ballstát uastairseach feidhmíochta fuinnimh’ ionas go mbeidh 16 % dá stoc náisiúnta foirgneamh nach foirgnimh chónaithe iad os cionn na tairsí sin (“an tairseach 16 %”). Socróidh gach Ballstát freisin uastairseach feidhmíochta fuinnimh ionas go mbeidh 26 % dá stoc náisiúnta foirgneamh nach foirgnimh chónaithe iad os cionn na tairsí sin (“an tairseach 26 %”). Féadfaidh na Ballstáit na huastairseacha feidhmíochta fuinnimh a shocrú ag tagairt don stoc náisiúnta foirgneamh nach foirgnimh chónaithe iad ina iomláine nó de réir cineálacha agus catagóirí foirgneamh. Féadfaidh na Ballstáit na tairseacha a shocrú ar leibhéal a chomhfhreagraíonn d’aicme shonrach feidhmíochta fuinnimh ar choinníoll go gcomhlíonann siad an tríú fomhír. Áiritheofar leis na híoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh, ar a laghad, go bhfuil gach foirgneamh nach foirgneamh cónaithe é faoi bhun an mhéid seo a leanas:
(a)
an tairseach 16 % ó 2030; agus
(b)
an tairseach 26 % ó 2033.
Seiceálfar go gcomhlíonann foirgnimh aonair nach foirgnimh chónaithe iad na tairseacha ar bhonn deimhnithe feidhmíochta fuinnimh nó, i gcás inarb iomchuí, ar bhonn modhanna eile atá ar fáil. Ina dtreochláir dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (b), bunóidh na Ballstáit amlínte sonracha do na foirgnimh nach foirgnimh chónaithe iad chun uastairseacha feidhmíochta fuinnimh níos ísle a chomhlíonadh faoi 2040 agus faoi 2050, i gcomhréir leis an mbealach chun an stoc náisiúnta foirgneamh a chlaochlú go foirgnimh astaíochtaí nialasacha. Féadfaidh na Ballstáit critéir a bhunú agus a fhoilsiú chun foirgnimh aonair nach foirgnimh chónaithe iad a dhíolmhú ó cheanglais sa mhír seo, i bhfianaise na húsáide a mheastar a bhainfear as na foirgnimh sin amach anseo, i bhfianaise cruatan tromchúiseach nó i gcás measúnú costais is tairbhe neamhfhabhrach. Beidh na critéir sin soiléir, beacht agus dian agus áiritheofar cóir chomhionann idir foirgnimh nach foirgnimh chónaithe iad leo. Agus na critéir sin á mbunú, cumasóidh na Ballstáit measúnú ex ante a dhéanamh ar an sciar a d’fhéadfadh a bheith sna foirgnimh nach foirgnimh chónaithe iad a chumhdaítear agus seachnóidh siad go ndíolmhófaí líon díréireach foirgneamh nach foirgnimh chónaithe iad. Tuairisceoidh na Ballstáit freisin ar na critéir mar chuid dá bpleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin de bhun Airteagal 3. I gcás ina mbunóidh na Ballstáit critéir le haghaidh díolúintí de bhun an ochtú fomhír, bainfidh siad amach feabhsuithe coibhéiseacha feidhmíochta fuinnimh i gcodanna eile den stoc foirgneamh nach foirgnimh chónaithe iad. I gcás ina bhfuil measúnú costais is tairbhe neamhfhabhrach ar fhoirgneamh ar leith nach foirgneamh chónaithe é ag gabháil leis an athchóiriú foriomlán is gá chun na tairseacha feidhmíochta fuinnimh a shonraítear sa mhír seo a bhaint amach, ceanglóidh na Ballstáit, don fhoirgneamh áirithe sin nach foirgneamh chónaithe é, go gcuirfear chun feidhme ar a laghad na bearta athchóirithe aonair sin a bhfuil measúnú costais is tairbhe fabhrach ag gabháil leo. A mhéid a dhéanann tubaiste nádúrtha damáiste tromchúiseach don stoc náisiúnta foirgneamh nach foirgnimh chónaithe iad, nó do chuid de, féadfaidh Ballstát an uastairseach feidhmíochta fuinnimh a choigeartú go sealadach ionas go gcuirfear athchóiriú fuinnimh ar fhoirgnimh nach foirgnimh chónaithe iad a ndearnadh damáiste dóibh in ionad athchóiriú fuinnimh na bhfoirgneamh is neamhfheidhmiúla eile nach foirgnimh chónaithe iad, agus a áirithiú ag an am céanna go ndéanfar athchóiriú fuinnimh ar chéatadán comhchosúil den stoc foirgneamh nach foirgnimh chónaithe iad. Sa chás sin, tuairisceoidh an Ballstát an coigeartú agus an méid ama a mheastar a bheidh i gceist leis ina phlean náisiúnta athchóirithe foirgneamh.
|
|
Airteagal 9 2.
|
Faoin 29 Bealtaine 2026, bunóidh gach Ballstát conair náisiúnta chun an stoc foirgneamh cónaithe a athchóiriú de réir a chéile i gcomhréir leis an treochlár náisiúnta agus spriocanna 2030, 2040 agus 2050 atá i bplean náisiúnta athchóirithe foirgneamh an Bhallstáit agus leis an aidhm an stoc foirgneamh náisiúnta a chlaochlú go stoc foirgneamh astaíochtaí nialasacha faoi 2050. Sloinnfear an chonair náisiúnta chun an stoc foirgneamh cónaithe a athchóiriú de réir a chéile mar laghdú ar mheánúsáid fuinnimh phríomhúil in kWh/(m2.y) stoc iomlán na bhfoirgneamh cónaithe thar an tréimhse ó 2020 go 2050, agus sainaithneofar inti líon na bhfoirgneamh cónaithe agus na n-aonad foirgnimh chónaithe nó an t-achar urláir atá le hathchóiriú gach bliain, lena n-áirítear líon nó achar urláir an 43 % de na foirgnimh chónaithe is neamhfheidhmiúla agus na n-aonad foirgnimh chónaithe. Áiritheoidh na Ballstáit an méid a leanas maidir le meánúsáid fuinnimh phríomhúil in kWh/(m2.y) an stoic foirgneamh cónaithe ina iomláine:
(a)
go laghdófar í 16 % ar a laghad i gcomparáid le 2020 faoi 2030;
(b)
go laghdófar í 20-22 % ar a laghad i gcomparáid le 2020 faoi 2035;
(c)
faoi 2040, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, go mbeidh sí coibhéiseach le, nó níos ísle ná, an luach arna chinneadh go náisiúnta a dhíorthaítear ó laghdú de réir a chéile ar an meánúsáid fuinnimh phríomhúil ó 2030 go 2050, i gcomhréir le claochlú an stoic foirgneamh cónaithe go stoc foirgneamh astaíochtaí nialasacha.
Áiritheoidh na Ballstáit go mbainfear amach ar a laghad 55 % den laghdú ar an meánúsáid fuinnimh phríomhúil dá dtagraítear sa tríú fomhír trí athchóiriú a dhéanamh ar an 43 % de na foirgnimh chónaithe is neamhfheidhmiúla. Féadfaidh na Ballstáit an laghdú ar an meánúsáid fuinnimh phríomhúil a bhaintear amach le hathchóiriú foirgneamh chónaithe a raibh éifeacht ag tubaistí nádúrtha orthu, mar shampla creathanna talún agus tuilte, a áireamh sa sciar a bhaintear amach trí bhíthin athchóiriú an 43 % de na foirgnimh chónaithe is neamhfheidhmiúla. Ina n-iarrachtaí athchóirithe chun an laghdú is gá ar mheánúsáid fuinnimh phríomhúil an stoic foirgneamh cónaithe ina iomláine a bhaint amach, cuirfidh na Ballstáit bearta i bhfeidhm, amhail íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh, cúnamh teicniúil agus bearta tacaíochta airgeadais. Ina n-iarrachtaí athchóirithe, ní dhéanfaidh na Ballstáit foirgnimh chónaithe nó aonaid foirgnimh ar cíos a dhíolmhú go díréireach. Tuairisceoidh na Ballstáit sna pleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh an mhodheolaíocht a úsáideadh agus na sonraí a bailíodh chun meastachán a dhéanamh ar na luachanna dá dtagraítear sa dara fomhír agus sa tríú fomhír. Mar chuid den mheasúnú ar phleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh, déanfaidh an Coimisiún faireachán ar ghnóthú na luachanna dá dtagraítear sa dara fomhír agus sa tríú fomhír, lena n-áirítear líon na bhfoirgneamh agus na n-aonad tógála nó achar urláir an 43 % de na foirgnimh chónaithe is neamhfheidhmiúla, agus déanfaidh sé moltaí i gcás inar gá. Féadfar a áireamh ar na moltaí sin úsáid níos forleithne a bhaint as íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh. Tagróidh an chonair náisiúnta chun an stoc foirgneamh cónaithe a athchóiriú de réir a chéile do shonraí maidir leis an stoc náisiúnta foirgneamh cónaithe, bunaithe, de réir mar is iomchuí, ar shampláil staidrimh agus ar dheimhnithe feidhmíochta fuinnimh. Má tá meánsciar iontaise na húsáide fuinnimh i bhfoirgnimh chónaithe níos ísle ná 15 %, féadfaidh na Ballstáit na leibhéil a leagtar síos i bpointí (a) agus (b) den tríú fomhír, a choigeartú chun a áirithiú gurb ionann meánúsáid fuinnimh phríomhúil in kWh/(m2.y) an stoic foirgneamh cónaithe ina iomláine faoi 2030, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, agus luach arna chinneadh go náisiúnta arna dhíorthú ó laghdú líneach ar an meánúsáid fuinnimh phríomhúil ó 2020 go 2050, i gcomhréir le claochlú an stoic foirgneamh cónaithe go stoc foirgneamh astaíochtaí nialasacha.
|
|
Airteagal 9 3.
|
Sa bhreis ar an úsáid fuinnimh phríomhúil dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit táscairí breise a bhunú maidir le húsáid fuinnimh phríomhúil neamh-in-athnuaite agus maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa oibríochtúla arna dtáirgeadh in kgCO2eq/(m2.y). Chun laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa oibríochtúla a áirithiú, cuirfear Airteagal 15a(1) de Threoir (AE) 2018/2001 san áireamh in íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh.
|
|
Airteagal 9 4.
|
I gcomhréir le hAirteagal 17, tacóidh na Ballstáit le comhlíonadh na n-íoschaighdeán feidhmíochta fuinnimh trí gach ceann de na bearta seo a leanas:
(a)
bearta airgeadais iomchuí a chur ar fáil, go háirithe iad siúd atá dírithe ar theaghlaigh leochaileacha, ar dhaoine a bhfuil tionchar ag bochtaineacht fuinnimh orthu nó, i gcás inarb infheidhme, atá ag maireachtáil i dtithíocht shóisialta, i gcomhréir le hAirteagal 24 de Threoir (AE) 2023/1791;
(b)
cúnamh teicniúil a sholáthar, lena n-áirítear trí ionaid ilfhreastail a dhíríonn go háirithe ar theaghlaigh leochaileacha agus ar dhaoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta, i gcomhréir le hAirteagal 24 de Threoir (AE) 2023/1791;
(c)
scéimeanna maoinithe comhtháite a cheapadh, lena gcuirtear dreasachtaí ar fáil le haghaidh athchóirithe doimhne agus athchóirithe doimhne céimneacha, de bhun Airteagal 17;
(d)
bacainní neamheacnamaíocha a bhaint, lena n-áirítear dreasachtaí deighilte; agus
(e)
faireachán a dhéanamh ar na tionchair shóisialta, go háirithe ar na teaghlaigh is leochailí.
|
|
Airteagal 9 5.
|
I gcás ina ndéantar athchóiriú ar fhoirgneamh chun íoschaighdeán feidhmíochta fuinnimh a chomhlíonadh, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar na híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh le haghaidh eilimintí foirgnimh de bhun Airteagal 5 agus, i gcás athchóiriú mór, na híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh d’fhoirgnimh atá cheana ann de bhun Airteagal 8.
|
|
Airteagal 9 6.
|
Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh gan na híoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a chur i bhfeidhm i leith na gcatagóirí foirgneamh seo a leanas:
(a)
foirgnimh atá cosanta go hoifigiúil mar chuid de chomhshaol ainmnithe nó toisc go bhfuil fiúntas speisialta ailtireachta nó stairiúil ag baint leo, nó foirgnimh oidhreachta eile, sa mhéid go dtiocfadh athrú nach bhféadfaí glacadh leis ar charachtar nó cuma na bhfoirgneamh dá gcloífí leis na caighdeáin feidhmíochta fuinnimh, nó i gcás nach bhfuil athchóiriú na bhfoirgneamh sin indéanta go teicniúil nó go heacnamaíoch;
(b)
foirgnimh a úsáidtear mar ionaid adhartha agus le haghaidh gníomhaíochtaí reiligiúnacha;
(c)
foirgnimh shealadacha ag a bhfuil am úsáide 2 bhliain nó níos lú, suíomhanna tionsclaíochta, ceardlanna agus foirgnimh talmhaíochta nach foirgnimh chónaithe agus ag a bhfuil éileamh fuinnimh íseal agus foirgnimh talmhaíochta nach foirgnimh chónaithe iad agus atá in úsáid ag earnáil atá cumhdaithe faoi chomhaontas earnála náisiúnta maidir le feidhmíocht fuinnimh;
(d)
foirgnimh chónaithe a úsáidtear nó a bhfuil sé i gceist iad a úsáid ar feadh tréimhse níos lú ná 4 mhí in aghaidh na bliana nó, de rogha air sin, ar feadh am úsáide teoranta in aghaidh na bliana agus ag a bhfuil tomhaltas fuinnimh réamh-mheasta atá níos lú ná 25 % den mhéid a bheadh mar thoradh ar a n-úsáid don bhliain ar fad;
(e)
foirgnimh shaorsheasaimh a bhfuil achar urláir úsáideach iomlán níos lú ná 50 m2 iontu;
(f)
foirgnimh atá faoi úinéireacht na bhfórsaí armtha nó an rialtais láir agus a fhónann do chríocha cosanta náisiúnta, seachas áit chónaithe aonair nó foirgnimh oifige do na fórsaí armtha agus do bhaill foirne eile arna bhfostú ag údaráis náisiúnta cosanta.
|
|
Airteagal 9 7.
|
Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun cur chun feidhme na n-íoschaighdeán feidhmíochta fuinnimh dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo a áirithiú, lena n-áirítear sásraí faireacháin iomchuí agus pionóis i gcomhréir le hAirteagal 34. Agus na rialacha a bhaineann le pionóis á leagan síos acu, cuirfidh na Ballstáit san áireamh an staid airgeadais agus an rochtain ar thacaíocht airgeadais leordhóthanach d’úinéirí tí, go háirithe do theaghlaigh leochaileacha.
|
|
Airteagal 9 8.
|
Faoin 31 Márta 2025, déanfaidh an Coimisiún, chun tacú le cur chun feidhme na Treorach seo agus aird chuí á tabhairt ar phrionsabal na coimhdeachta, anailís a thíolacadh maidir leis na nithe seo a leanas go háirithe:
(a)
éifeachtacht, oiriúnacht an leibhéil, an méid iarbhír a úsáidtear agus cineálacha ionstraimí a úsáidtear maidir le cistí struchtúracha agus cláir réime an Aontais, lena n-áirítear cistiú ón mBanc Eorpach Infheistíochta, chun feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a fheabhsú, go háirithe i dtithíocht;
(b)
éifeachtacht, oiriúnacht leibhéal agus cineálacha na n-ionstraimí agus cineálacha na mbeart a úsáidtear maidir le cistí ó institiúidí airgeadais phoiblí;
(c)
comhordú chistiú an Aontais agus cistithe náisiúnta agus cineálacha eile beart ar féidir leo gníomhú mar ghiaráil chun infheistíochtaí i bhfeidhmíocht fuinnimh foirgneamh a spreagadh, agus leordhóthanacht an chistithe sin chun cuspóirí an Aontais a bhaint amach.
Ar bhonn na hanailíse sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le héifeachtacht agus oiriúnacht na n-ionstraimí maoiniúcháin chun feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a fheabhsú, go háirithe na cinn is neamhfheidhmiúla.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 24.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1275
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|