+Airteagal 12 Pas athchóirithe
---+Airteagal 12 1.
---+Airteagal 12 2.
---+Airteagal 12 3.
---+Airteagal 12 4.
---+Airteagal 12 5.
---+Airteagal 12 6.
---+Airteagal 12 7.
---+Airteagal 12 8.

Airteagal 12 Pas athchóirithe

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 12 1.
Faoin 29 Bealtaine 2026, tabharfaidh na Ballstáit isteach scéim le haghaidh pasanna athchóirithe bunaithe ar an gcreat comhchoiteann a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII.
Airteagal 12 2.
Bainfidh úinéirí foirgneamh agus aonad foirgnimh úsáid dheonach as an scéim dá dtagraítear i mír 1, mura gcinnfidh an Ballstát í a dhéanamh éigeantach.

Cuirfidh na Ballstáit bearta ar bun chun a áirithiú go mbeidh pasanna athchóirithe inacmhainne agus breithneoidh siad tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do theaghlaigh leochaileacha ar mian leo a bhfoirgnimh a athchóiriú.

Airteagal 12 3.
Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt an pas athchóirithe a tharraingt suas agus a eisiúint go comhpháirteach leis an deimhniú feidhmíochta fuinnimh.
Airteagal 12 4.
Eiseofar an pas athchóirithe i bhformáid dhigiteach a bheidh oiriúnach lena phriontáil, ag saineolaí atá cáilithe nó deimhnithe, tar éis cuairt a thabhairt ar an láthair.
Airteagal 12 5.
Nuair a eiseofar an pas athchóirithe, déanfar plé leis an saineolaí dá dtagraítear i mír 4 a mholadh d’úinéir an fhoirgnimh chun deis a thabhairt don saineolaí na céimeanna is fearr le tabhairt chun foirgneamh a chlaochlú go foirgneamh astaíochtaí nialasacha i bhfad roimh 2050 a mhíniú.
Airteagal 12 6.
Déanfaidh na Ballstáit a ndícheall uirlis dhigiteach thiomnaithe a sholáthar trína bhféadfar an pas athchóirithe a ullmhú agus, i gcás inarb iomchuí, a nuashonrú. Féadfaidh na Ballstáit uirlis chomhlántach a fhorbairt lena gceadófar d’úinéirí foirgneamh agus do bhainisteoirí foirgneamh dréachtphas simplí athchóirithe a ionsamhlú agus lena gceadófar dóibh é a nuashonrú a luaithe a dhéanfar athchóiriú nó a dhéanfar eilimint foirgnimh a athsholáthar.
Airteagal 12 7.
Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir an pas athchóirithe a uaslódáil chuig an mbunachar sonraí náisiúnta le haghaidh feidhmíocht fuinnimh foirgneamh arna bhunú de bhun Airteagal 22.
Airteagal 12 8.
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an pas athchóirithe a stóráil sa logleabhar digiteach foirgneamh, i gcás ina mbeidh sé ar fáil, nó go mbeifear in ann rochtain a fháil air tríd an logleabhar sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 24.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1275
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.