+Airteagal 16 Sonraí a mhalartú
---+Airteagal 16 1.
---+Airteagal 16 2.
---+Airteagal 16 3.
---+Airteagal 16 4.
---+Airteagal 16 5.

Airteagal 16 Sonraí a mhalartú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 16 1.
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain dhíreach ag úinéirí foirgnimh, ag tionóntaí agus ag bainisteoirí ar shonraí a gcóras foirgnimh. Ar thoiliú a fháil uathu, cuirfear an rochtain nó na sonraí ar fáil do thríú páirtí, faoi réir na rialacha agus na gcomhaontuithe is infheidhme atá ann cheana. Éascóidh na Ballstáit idir-inoibritheacht iomlán seirbhísí agus malartú sonraí laistigh den Aontas i gcomhréir le mír 5.

Chun críocha na Treorach seo, áireofar i sonraí na gcóras foirgnimh, ar a laghad, na sonraí uile a bhfuil fáil orthu go héasca agus a bhaineann le feidhmíocht fuinnimh eilimintí foirgnimh, feidhmíocht fuinnimh seirbhísí foirgnimh, saolré réamh-mheasta na gcóras téimh, i gcás ina bhfuil fáil orthu, córais uathoibrithe agus rialaithe foirgnimh, méadair, feistí tomhais agus rialaithe agus pointí athluchtaithe le haghaidh na leictrea-shoghluaisteachta agus, i gcás ina mbeidh fáil orthu, beidh siad nasctha leis an logleabhar digiteach foirgneamh.

Airteagal 16 2.
Nuair atá na rialacha maidir le bainistiú agus malartú sonraí á leagan síos acu, agus aird á tabhairt ar na caighdeáin idirnáisiúnta agus an fhormáid bhainistíochta maidir le malartú sonraí, déanfaidh na Ballstáit, nó i gcás ina mbeidh foráil déanta amhlaidh ag Ballstát, na húdaráis inniúla atá ainmnithe, dlí an Aontais is infheidhme a chomhlíonadh. Ní bheidh na rialacha maidir le rochtain ná aon mhuirir ina mbac ná ní chruthófar idirdhealú leo do thríú páirtithe chun rochtain a fháil ar shonraí córas foirgneamh.
Airteagal 16 3.
Ní ghearrfar aon chostas breise ar úinéir an fhoirgnimh, ar an tionónta ná ar an mbainisteoir as rochtain a fháil ar a gcuid sonraí ná as iarraidh a dhéanamh a gcuid sonraí a chur ar fáil do thríú páirtí faoi réir na rialacha agus na gcomhaontuithe is infheidhme atá ann cheana. Beidh na Ballstáit freagrach as muirir ábhartha a shocrú le haghaidh rochtain ar shonraí ag páirtithe incháilithe eile, mar shampla, institiúidí airgeadais, comhiomlánóirí, soláthróirí fuinnimh, soláthraithe seirbhísí fuinnimh agus oifigí staidrimh náisiúnta nó údaráis náisiúnta eile atá freagrach as staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh. Déanfaidh na Ballstáit nó, i gcás inarb iomchuí, na húdaráis inniúla ainmnithe, a áirithiú go mbeidh aon mhuirear a ghearrann eintitis rialáilte a sholáthraíonn seirbhísí sonraí réasúnach agus cuí-réasúnaithe. Dreasóidh na Ballstáit comhroinnt na sonraí ábhartha córas foirgneamh.
Airteagal 16 4.
Na rialacha maidir le rochtain ar shonraí agus stóráil sonraí chun críocha na Treorach seo, comhlíonfaidh siad dlí ábhartha an Aontais. Próiseáil na sonraí pearsanta arna déanamh faoi chuimsiú na Treorach seo, déanfar í i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 ).
Airteagal 16 5.
Faoin 31 Nollaig 2025, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ina sonrófar ceanglais idir-inoibritheachta agus nósanna imeachta neamh-idirdhealaitheacha agus trédhearcacha maidir le rochtain ar na sonraí.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 33(2).

Ullmhóidh an Coimisiún straitéis chomhairliúcháin ina leagfar amach cuspóirí an chomhairliúcháin, na geallsealbhóirí a bhfuiltear ag spriocdhíriú orthu agus na gníomhaíochtaí comhairliúcháin chun na gníomhartha cur chun feidhme a fhorbairt.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 24.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1275
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.