Bainfidh na Ballstáit an úsáid is costéifeachtaí as maoiniú náisiúnta agus as maoiniú atá ar fáil agus atá bunaithe ar leibhéal an Aontais, go háirithe an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, Ciste Sóisialta na hAeráide, an Ciste Comhtháthaithe, InvestEU, ioncaim cheantála ó thrádáil astaíochtaí de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
5
) agus foinsí eile cistithe phoiblí. Úsáidfear na foinsí cistiúcháin sin ar bhealach atá comhsheasmhach le conair i dtreo stoc foirgneamh astaíochtaí nialasacha a bheith ann faoi 2050.