+Airteagal 17 Dreasachtaí airgeadais, scileanna agus bacainní ar an margadh
---+Airteagal 17 1.
---+Airteagal 17 2.
---+Airteagal 17 3.
---+Airteagal 17 4.
---+Airteagal 17 5.
---+Airteagal 17 6.
---+Airteagal 17 7.
---+Airteagal 17 8.
---+Airteagal 17 9.
---+Airteagal 17 10.
---+Airteagal 17 11.
---+Airteagal 17 12.
---+Airteagal 17 13.
---+Airteagal 17 14.
---+Airteagal 17 15.
---+Airteagal 17 16.
---+Airteagal 17 17.
---+Airteagal 17 18.
---+Airteagal 17 19.

Airteagal 17 Dreasachtaí airgeadais, scileanna agus bacainní ar an margadh

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 17 1.
Soláthróidh na Ballstáit maoiniú iomchuí, bearta tacaíochta agus ionstraimí eile trína mbeifear in ann aghaidh a thabhairt ar bhacainní ar an margadh chun go seachadfar na hinfheistíochtaí is gá a sainaithníodh ina bplean náisiúnta athchóirithe foirgneamh chun a stoc foirgneamh a chlaochlú go foirgnimh astaíochtaí nialasacha faoi 2050.
Airteagal 17 2.
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na hiarratais agus na nósanna imeachta maidir le maoiniú poiblí simplí agus cuíchóirithe chun rochtain ar mhaoiniú a éascú, go háirithe do theaghlaigh.
Airteagal 17 3.
Déanfaidh na Ballstáit measúnú agus, i gcás inarb iomchuí, tabharfaidh siad aghaidh, ar bhacainní a bhaineann le costais tosaigh na n-athchóirithe.
Airteagal 17 4.
Agus scéimeanna tacaíochta airgeadais á gceapadh acu le haghaidh athchóiriú foirgneamh, breithneoidh na Ballstáit cé acu a úsáidfidh siad paraiméadair ioncambhunaithe nó nach n-úsáidfidh.

Féadfaidh na Ballstáit na cistí náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh a úsáid, ina gcuirtear na cistí sin ar bun de bhun Airteagal 30 de Threoir (AE) 2023/1791, chun scéimeanna agus cláir thiomnaithe le haghaidh athchóirithe feidhmíochta fuinnimh a mhaoiniú.

Airteagal 17 5.
Déanfaidh na Ballstáit bearta rialála iomchuí chun deireadh a chur le bacainní neamheacnamaíocha ar athchóiriú foirgneamh. Maidir le foirgnimh a bhfuil níos mó ná aonad foirgnimh amháin iontu, féadfar a áireamh ar na bearta sin ceanglais aontoilíochta a bhaint i struchtúir chomhúinéireachta, nó a cheadú do struchtúir chomhúinéireachta a bheith ina bhfaighteoirí díreacha de thacaíocht airgeadais.
Airteagal 17 6.
Bainfidh na Ballstáit an úsáid is costéifeachtaí as maoiniú náisiúnta agus as maoiniú atá ar fáil agus atá bunaithe ar leibhéal an Aontais, go háirithe an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, Ciste Sóisialta na hAeráide, an Ciste Comhtháthaithe, InvestEU, ioncaim cheantála ó thrádáil astaíochtaí de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 ) agus foinsí eile cistithe phoiblí. Úsáidfear na foinsí cistiúcháin sin ar bhealach atá comhsheasmhach le conair i dtreo stoc foirgneamh astaíochtaí nialasacha a bheith ann faoi 2050.
Airteagal 17 7.
Chun tacú le cur ag gluaiseacht infheistíochtaí, déanfaidh na Ballstáit forbairt agus úsáid éifeachtach an mhaoinithe cumasúcháin agus uirlisí airgeadais a chur chun cinn, lena n-áirítear iasachtaí éifeachtúlachta fuinnimh agus morgáistí le haghaidh athchóiriú foirgneamh, conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh, scéimeanna airgeadais “íoc-mar-a-shábháiltear”, dreasachtaí fioscacha, mar shampla, rátaí cánach laghdaithe ar oibreacha agus ábhair athchóirithe, scéimeanna ar an gcáin, scéimeanna ar an mbille, cistí ráthaíochta, cistí atá dírithe ar athchóiriú domhain, cistí atá dírithe ar athchóirithe a bhfuil tairseach íosta shuntasach de choigiltis fuinnimh spriocdhírithe agus caighdeáin punainne morgáiste ag baint leo. Treoróidh siad infheistíochtaí i stoc foirgneamh poiblí atá fuinneamhéifeachtúil, i gcomhréir le treoir ó Eurostat maidir le conarthaí um fheidhmíocht fuinnimh a thaifeadadh i gcuntais rialtais.

Féadfaidh na Ballstáit úsáid comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun cinn agus a shimpliú freisin.

Airteagal 17 8.
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar faisnéis faoin gcistiú agus faoi na huirlisí airgeadais atá ar fáil a chur ar fáil don phobal ar bhealach inrochtana agus trédhearcach, lena n-áirítear trí mhodhanna digiteacha.
Airteagal 17 9.
Féadfar iasachtaí athchóirithe nó cistí ráthaíochta le haghaidh athchóirithe feidhmíochta fuinnimh a áireamh sa mhaoiniú cumasúcháin agus sna huirlisí airgeadais, i gcomhcheangal le cláir ábhartha de chuid an Aontais freisin, i gcás inarb infheidhme.
Airteagal 17 10.
Faoin 29 Bealtaine 2025, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 32 lena bhforlíontar an Treoir seo trí chreat cuimsitheach punainne a bhunú a d’fhéadfadh institiúidí airgeadais a úsáid go deonach agus a thacaíonn le hiasachtóirí díriú ar líon na n-iasachtaí a sholáthraítear i gcomhréir le huaillmhian an Aontais maidir le dícharbónú agus spriocanna ábhartha fuinnimh, agus an líon sin a mhéadú, chun institiúidí airgeadais a spreagadh go héifeachtach chun na suimeanna a sholáthraítear le haghaidh athchóirithe feidhmíochta fuinnimh a ardú. Cumhdóidh na gníomhaíochtaí a leagtar amach sa chreat cuimsitheach punainne líon na n-iasachtaí le haghaidh athchóirithe fuinnimh, atá ag dul i méid, agus áireofar leo coimircí molta chun teaghlaigh leochaileacha a chosaint trí réitigh chistiúcháin mheasctha. Tabharfar tuairisc sa chreat ar dhea-chleachtais chun iasachtóirí a spreagadh chun na foirgnimh is neamhfheidhmiúla ina bpunanna a shainaithint agus gníomhú ina leith.
Airteagal 17 11.
Éascóidh na Ballstáit comhiomlánú tionscadal chun rochtain infheisteoirí a chumasú chomh maith le réitigh phacáistithe do chliaint ionchasacha.

Glacfaidh na Ballstáit bearta lena gcuirfear chun cinn táirgí iasachtúcháin éifeachtúlachta fuinnimh le haghaidh athchóirithe fuinnimh, cuir i gcás morgáistí glasa agus iasachtaí glasa, urraithe agus neamhurraithe, agus áiritheoidh siad go ndéanfaidh institiúidí airgeadais iad a thairiscint go forleathan agus go neamh-idirdhealaitheach agus go mbeidh siad infheicthe ag tomhaltóirí agus go mbeidh rochtain ag tomhaltóirí orthu. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh bainc agus institiúidí airgeadais eile agus infheisteoirí faisnéis maidir le deiseanna a bheith rannpháirteach sa mhaoiniú maidir le feabhas a chur ar fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh.

Airteagal 17 12.
Cuirfidh na Ballstáit bearta agus maoiniú i bhfeidhm chun oideachas agus oiliúint a chur chun cinn d’fhonn a áirithiú go bhfuil líon leordhóthanach oibrithe ann a mbeidh an leibhéal iomchuí scileanna acu a chomhfhreagraíonn do na riachtanais san earnáil tógála, ag díriú go háirithe ar FBManna lena n- áirítear micrifhiontair, de réir mar is iomchuí. Féadfaidh ionaid ilfhreastail arna mbunú de bhun Airteagal 18 rochtain ar bhearta agus ar chistiú mar sin a éascú.
Airteagal 17 13.
Tabharfaidh an Coimisiún cuidiú do Bhallstáit, i gcás inarb iomchuí agus arna iarraidh sin dóibh, chun cláir tacaíochta airgeadais a chur ar bun arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh, foirgnimh atá ann cheana go háirithe, lena n-áirítear trí thacaíocht a thabhairt do mhalartú dea-chleachtais idir na húdaráis nó comhlachtaí náisiúnta nó réigiúnacha freagracha. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na cláir sin a fhorbairt ar bhealach ina mbeidh rochtain ag eagraíochtaí a bhfuil acmhainní riaracháin, airgeadais agus eagraíochtúla níos ísle acu orthu.
Airteagal 17 14.

Agus aird chuí á tabhairt ar theaghlaigh leochaileacha, nascfaidh na Ballstáit a mbearta airgeadais le haghaidh feabhsuithe feidhmíochta fuinnimh agus astaíochtaí gás ceaptha teasa laghdaithe in athchóiriú foirgneamh leis an gcoigilteas agus feabhsuithe fuinnimh a bhfuiltear ag spriocdhíriú orthu nó atá bainte amach, arna gcinneadh le ceann amháin nó níos mó de na critéir seo a leanas:

(a) 

feidhmíocht fuinnimh an trealaimh nó an ábhair a úsáidfear don athchóiriú agus laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa gaolmhara; sa chás sin, déanfaidh suiteálaí a bhfuil an leibhéal ábhartha deimhniúcháin nó cáilíochta aige an trealamh nó an t-ábhar a úsáidfear san athchóiriú a shuiteáil agus comhlíonfaidh sé ar a laghad íoscheanglais feidhmíochta fuinnimh le haghaidh eilimintí foirgnimh nó luachanna tagartha níos airde le haghaidh feidhmíocht fuinnimh foirgneamh níos fearr;

(b) 

luachanna caighdeánacha chun an choigilt fuinnimh agus an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa i bhfoirgnimh a ríomh;

(c) 

an feabhas a baineadh amach mar gheall ar an athchóiriú trí dheimhnithe feidhmíochta fuinnimh a d’eiseofaí roimh an athchóiriú agus ina dhiaidh a chur i gcomparáid lena chéile;

(d) 

torthaí ó iniúchadh fuinnimh;

(e) 

torthaí ó mhodh eile atá ábhartha, trédhearcach agus comhréireach ina léirítear an feabhas san fheidhmíocht fuinnimh, mar shampla, tríd an tomhaltas fuinnimh roimh an athchóiriú agus ina dhiaidh a chur i gcomparáid trí chórais méadraithe a úsáid, ar choinníoll go gcomhlíonann sé sin na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

Airteagal 17 15.
Ón 1 Eanáir 2025, ní sholáthróidh na Ballstáit aon dreasacht airgeadais chun coirí leithleacha a chumhachtaítear le breoslaí iontaise a shuiteáil, cé is moite díobh siúd a roghnaíodh le haghaidh infheistíochta, roimh 2025, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/241, Airteagal 7(1), pointe (h)(i), an tríú fleasc, de Rialachán (AE) 2021/1058 agus le hAirteagal 73 de Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 6 ).
Airteagal 17 16.
Dreasóidh na Ballstáit athchóiriú domhain agus athchóiriú domhain céimneach le níos mó tacaíochta airgeadais, fioscaí, riaracháin agus teicniúla. I gcás nach bhfuil sé indéanta go teicniúil nó go heacnamaíoch foirgneamh a chlaochlú go foirgneamh astaíochtaí nialasacha, measfar gur athchóiriú domhain chun críocha na míre seo é aon athchóiriú a mbeidh laghdú 60 % ar a laghad ar úsáid fuinnimh phríomhúil mar thoradh air. Dreasóidh na Ballstáit cláir shuntasacha lena dtabharfar aghaidh ar líon ard foirgneamh, go háirithe na foirgnimh is neamhfheidhmiúla, trí chláir athchóirithe ceantair chomhtháite, cuir i gcás, agus arb é an toradh a bheidh orthu laghdú foriomlán 30 % ar a laghad ar úsáid fuinnimh phríomhúil le níos mó tacaíochta airgeadais, fioscaí, riaracháin agus teicniúla, de réir an leibhéil feidhmíochta a bhaintear amach.
Airteagal 17 17.
Gan dochar dá mbeartais náisiúnta eacnamaíocha agus shóisialta ná dá gcórais dlí maoine, tabharfaidh na Ballstáit aghaidh ar dhíshealbhú teaghlach leochaileach atá mar thoradh ar mhéaduithe díréireacha cíosa tar éis athchóiriú fuinnimh ar a bhfoirgneamh cónaithe nó aonad foirgnimh cónaithe.
Airteagal 17 18.
Leis na dreasachtaí airgeadais díreofar mar thosaíocht ar theaghlaigh leochaileacha, ar dhaoine a bhfuil tionchar ag bochtaineacht fuinnimh orthu agus ar dhaoine atá ag maireachtáil i dtithíocht shóisialta, i gcomhréir le hAirteagal 24 de Threoir (AE) 2023/1791.
Airteagal 17 19.
Agus dreasachtaí airgeadais á soláthar d’úinéirí foirgneamh nó d’úinéirí aonad foirgnimh chun athchóiriú a dhéanamh ar fhoirgnimh nó ar aonaid foirgnimh ar cíos, díreoidh na Ballstáit ar dhreasachtaí airgeadais a rachaidh chun tairbhe na n-úinéirí agus na dtionóntaí araon. Tabharfaidh na Ballstáit coimircí éifeachtacha isteach, chun teaghlaigh leochaileacha go háirithe a chosaint, lena n-áirítear trí thacaíocht chíosa a sholáthar nó trí uasteorainneacha a fhorchur ar arduithe cíosa, agus féadfaidh siad scéimeanna airgeadais a dhreasú a théann i ngleic leis na costais tosaigh a bhaineann le hathchóirithe, mar shampla, scéimeanna ar an mbille, scéimeanna “íoc-mar-a-shábháiltear” nó conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh, dá dtagraítear i bpointe (33) d’Airteagal 2 agus in Airteagal 29 de Threoir (AE) 2023/1791.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 24.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1275
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.