+Airteagal 18 Ionaid ilfhreastail le haghaidh feidhmíocht fuinnimh foirgneamh
---+Airteagal 18 1.
---+Airteagal 18 2.
---+Airteagal 18 3.
|
Airteagal 18 Ionaid ilfhreastail le haghaidh feidhmíocht fuinnimh foirgneamh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 18 1.
|
Áiritheoidh na Ballstáit, i gcomhar leis na húdaráis inniúla, agus, i gcás inarb iomchuí, le páirtithe leasmhara príobháideacha, go mbunófar agus go n-oibreofar saoráidí cúnaimh theicniúil, lena n-áirítear trí ionaid ilfhreastail chuimsitheacha le haghaidh feidhmíocht fuinnimh foirgneamh, lena ndíreofar ar na gníomhaithe uile atá páirteach in athchóirithe foirgneamh, inter alia, úinéirí tí agus gníomhaithe riaracháin, airgeadais agus eacnamaíocha, amhail FBManna, lena n-áirítear micrifhiontair. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh saoráidí cúnaimh theicniúil ar fáil ar fud a gcríche trí ionad ilfhreastail amháin ar a laghad a bhunú:
(a)
in aghaidh gach 80 000 áitritheoir;
(c)
i gceantair ina bhfuil meánaois an stoic foirgneamh os cionn an mheáin náisiúnta;
(d)
i gceantair ina bhfuil sé beartaithe ag na Ballstáit cláir athchóirithe ceantair chomhtháite a chur chun feidhme; nó
(e)
ar shuíomh is féidir a bhaint amach laistigh de 90 nóiméad taistil ar an meán, ar bhonn na modhanna iompair atá ar fáil go háitiúil.
Féadfaidh na Ballstáit na hionaid ilfhreastail arna mbunú de bhun Airteagal 22(3), pointe (a), de Threoir (AE) 2023/1791 a ainmniú mar ionaid ilfhreastail chun críocha an Airteagail seo. Cuirfidh an Coimisiún treoirlínte ar fáil chun na hionaid ilfhreastail sin a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 22(6) de Threoir (AE) 2023/1791.
|
|
Airteagal 18 2.
|
Déanfar an méid seo a leanas sna saoráidí cúnaimh theicniúil arna mbunú de bhun mhír 1:
(a)
faisnéis chuíchóirithe a chur ar fáil do theaghlaigh, FBManna lena n- áirítear micrifhiontair, agus comhlachtaí poiblí maidir le féidearthachtaí agus réitigh theicniúla agus airgeadais;
(b)
tacaíocht iomlánaíoch a chur ar fáil do gach teaghlach, agus béim ar leith á leagan ar theaghlaigh a bhfuil tionchar ag bochtaineacht fuinnimh orthu agus ar na foirgnimh is neamhfheidhmiúla, agus ar chuideachtaí creidiúnaithe agus suiteálaithe creidiúnaithe a sholáthraíonn seirbhísí iarfheistithe, arna gcur in oiriúint do thíopeolaíochtaí éagsúla tithíochta agus don raon feidhme geografach, agus tacaíocht a thabhairt dóibh lena gcumhdaítear céimeanna éagsúla an tionscadail iarfheistithe;
|
|
Airteagal 18 3.
|
Maidir le hionaid ilfhreastail arna mbunú de bhun mhír 1, déanfaidh siad an méid seo a leanas:
(a)
comhairle neamhspleách a chur ar fáil maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh agus féadfaidh siad a bheith ag gabháil le cláir athchóirithe ceantair chomhtháite;
(b)
seirbhísí tiomnaithe a thairiscint do theaghlaigh leochaileacha, do dhaoine a bhfuil tionchar ag bochtaineacht fuinnimh orthu agus do dhaoine i dteaghlaigh ar ioncam íseal.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 24.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1275
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|