+Airteagal 19 Deimhnithe feidhmíochta fuinnimh
---+Airteagal 19 1.
---+Airteagal 19 2.
---+Airteagal 19 3.
---+Airteagal 19 4.
---+Airteagal 19 5.
---+Airteagal 19 6.
---+Airteagal 19 7.
---+Airteagal 19 8.
---+Airteagal 19 9.
---+Airteagal 19 10.
---+Airteagal 19 11.
---+Airteagal 19 12.
---+Airteagal 19 13.
---+Airteagal 19 14.

Airteagal 19 Deimhnithe feidhmíochta fuinnimh

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 19 1.
Leagfaidh na Ballstáit síos na bearta is gá chun córas le haghaidh deimhniúcháin d’fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh a chur ar bun.

Chun gur féidir le húinéirí nó tionóntaí an fhoirgnimh nó an aonaid foirgnimh a fheidhmíocht fuinnimh a chur i gcomparáid agus a mheas, sa deimhniú feidhmíochta fuinnimh áireofar feidhmíocht fuinnimh foirgnimh a chuirfear in iúl trí tháscaire uimhriúil le haghaidh úsáid fuinnimh phríomhúil in kWh/(m2.y), agus luachanna tagartha, mar shampla, íoscheanglais feidhmíochta fuinnimh, íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh, ceanglais d’fhoirgnimh atá nach mór neodrach ó thaobh an fhuinnimh de agus ceanglais d’fhoirgnimh astaíochtaí nialasacha.

Airteagal 19 2.
Faoin 29 Bealtaine 2026 ar a dhéanaí, comhlíonfaidh an deimhniú feidhmíochta fuinnimh an teimpléad in Iarscríbhinn V. Sonrófar ann aicme feidhmíochta fuinnimh an fhoirgnimh ar scála dúnta agus úsáid á baint as litreacha ó A go G amháin. Comhfhreagróidh litir A d’fhoirgnimh astaíochtaí nialasacha agus comhfhreagróidh litir G don chuid is measa de na foirgnimh is neamhfheidhmiúla sa stoc náisiúnta foirgneamh tráth a thabharfar isteach an scála. Féadfaidh na Ballstáit, an 29 Bealtaine 2026, a bhfuil foirgnimh astaíochtaí nialasacha mar “A0” ainmnithe acu cheana féin ar dháta an trasuite, leanúint den ainmniú sin a úsáid in ionad aicme A. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh dáileadh iomchuí táscairí feidhmíochta fuinnimh i measc na n-aicmí feidhmíochta fuinnimh ag na haicmí eile (B go F nó, i gcás ina n-úsáidtear A0, A go F).

Féadfaidh na Ballstáit aicme feidhmíochta fuinnimh A+ a shainiú a chomhfhreagróidh d’fhoirgnimh ag a bhfuil uastairseach le haghaidh éileamh fuinnimh atá ar a laghad 20 % níos ísle ná an uastairseach d’fhoirgnimh astaíochtaí nialasacha, agus a ghineann níos mó fuinnimh in-athnuaite ar an láthair gach bliain ná a éileamh fuinnimh phríomhúil bliantúil iomlán. I gcás foirgnimh atá ann cheana agus a athchóirítear go haicme A+, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar meastachán ar GWP ar feadh saolré agus go nochtfar é i ndeimhniú feidhmíochta fuinnimh an fhoirgnimh.

Féadfaidh na Ballstáit a rinne a n-aicmí feidhmíochta fuinnimh a athscálú an 1 Eanáir 2019 nó ina dhiaidh sin agus roimh an 28 Bealtaine 2024 athscálú a n-aicmí feidhmíochta fuinnimh a chur siar go dtí an 31 Nollaig 2029.

Airteagal 19 3.
Áiritheoidh na Ballstáit sainaitheantas coiteann físeach le haghaidh deimhnithe feidhmíochta fuinnimh ar a gcríoch féin.
Airteagal 19 4.
Áiritheoidh na Ballstáit cáilíocht, iontaofacht agus inacmhainneacht na ndeimhnithe feidhmíochta fuinnimh.

Déanfaidh na Ballstáit bearta chun a áirithiú go mbeidh deimhniú feidhmíochta fuinnimh inacmhainne agus déanfaidh siad a machnamh ar cheart tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do theaghlaigh leochaileacha.

Áiritheoidh na Ballstáit gur i gcomhréir le hAirteagal 20(1) a eiseofar na deimhnithe feidhmíochta fuinnimh agus gur saineolaithe neamhspleácha a eiseoidh iad, ar bhonn cuairt ar an láthair, a fhéadfar a dhéanamh, i gcás inarb iomchuí, trí mhodhanna fíorúla a bhfuil seiceálacha amhairc i gceist leo. Beidh na deimhnithe feidhmíochta fuinnimh soiléir agus soléite agus ar fáil i bhformáid mheaisín-inléite agus i gcomhréir leis an teimpléad in Iarscríbhinn V.

Airteagal 19 5.
Áireofar sa deimhniú feidhmíochta fuinnimh moltaí maidir leis an bhfeidhmíocht fuinnimh a fheabhsú agus na hastaíochtaí gás ceaptha teasa oibríochtúla a laghdú agus cáilíocht na timpeallachta laistigh i bhfoirgneamh nó in aonad foirgnimh a fheabhsú ar an dóigh is costéifeachtaí, ach amháin má tá an aicme feidhmíochta fuinnimh A ar a laghad bainte amach ag an bhfoirgneamh nó ag an aonad foirgnimh cheana féin.

Cuimseofar leis na moltaí sa deimhniú feidhmíochta fuinnimh na nithe seo a leanas:

(a) 

bearta a cuireadh i gcrích maidir le hathchóiriú mór ar an imchlúdach foirgnimh nó ar chóras teicniúil foirgnimh nó ar chórais theicniúla foirgnimh; agus

(b) 

bearta maidir le heilimintí aonair foirgnimh nach mbaineann le hathchóiriú mór ar an imchlúdach foirgnimh nó ar aon chóras teicniúil foirgnimh nó córais theicniúla foirgnimh.

Airteagal 19 6.
I gcás ina ndéanann na Ballstáit foráil do phas athchóirithe atá le tarraingt suas agus le heisiúint i gcomhpháirt leis an deimhniú feidhmíochta fuinnimh de bhun Airteagal 12(3), déanfaidh an pas athchóirithe ionadú ar na moltaí de bhun mhír 5 den Airteagal seo.
Airteagal 19 7.
Na moltaí a áireofar sa deimhniú feidhmíochta fuinnimh, beidh siad indéanta go teicniúil maidir leis an bhfoirgneamh atá i gceist agus soláthrófar iontu meastachán maidir leis na coigiltis fuinnimh agus an laghdú sna hastaíochtaí gás ceaptha teasa oibríochtúla. Féadfaidh siad meastachán a sholáthar ar raon na dtréimhsí aisíoca nó na gcostas agus na dtairbhí thar a shaolré eacnamaíoch agus faisnéis faoi dhreasachtaí airgeadais atá ar fáil, cúnamh riaracháin agus teicniúil mar aon le sochair airgeadais, a bhfuil baint ghinearálta acu le gnóthú na luachanna tagartha.
Airteagal 19 8.
Áireofar sna moltaí measúnú ar cé acu is féidir nó nach féidir an córas téimh, na córais aerála, na córais aerchóirithe agus na córais uisce the tí a oiriúnú chun go bhfeidhmeoidh siad ag socruithe teochta níos éifeachtúla, cuir i gcás astaírí ísealteochta le haghaidh córais téimh atá bunaithe ar uisce, lena n-áirítear an dearadh is gá ar an aschur cumhachta teirmí agus ar na ceanglais teochta agus sreafa.
Airteagal 19 9.
Áireofar sna moltaí measúnú ar a bhfuil fágtha de shaolré na gcóras téimh nó na gcóras aerchóirithe. I gcás inarb ábhartha, léireofar sna moltaí roghanna malartacha féideartha d’athsholáthar na gcóras téimh nó na gcóras aerchóirithe, i gcomhréir le spriocanna aeráide 2030 agus 2050, agus imthosca áitiúla agus imthosca a bhaineann leis an gcóras á gcur san áireamh.
Airteagal 19 10.
Déanfar tagairt sa deimhniú feidhmíochta fuinnimh don áit inar féidir le úinéir nó tionónta an fhoirgnimh nó an aonaid foirgnimh faisnéis níos mionsonraithe a fháil, lena n-áirítear maidir le costéifeachtúlacht na moltaí a rinneadh sa deimhniú feidhmíochta fuinnimh. Beidh an mheastóireacht ar chostéifeachtúlacht bunaithe ar thacar gnáthdhálaí, mar shampla, coigiltí fuinnimh a mheas agus bunphraghsanna fuinnimh agus réamhaisnéis ar chostas. Ina theannta sin, beidh faisnéis ann faoi na bearta atá le cur ar bun chun na moltaí a chur chun feidhme, faisnéis teagmhála na n-ionad ilfhreastail ábhartha agus, i gcás inarb ábhartha, faisnéis faoi na roghanna tacaíochta airgeadais. Féadfar faisnéis eile maidir le hábhair ábhartha a chur ar fáil d’úinéir nó do thionónta an fhoirgnimh nó an aonaid foirgnimh, mar shampla, iniúchtaí fuinnimh nó dreasachtaí airgeadais nó de chineál eile agus féidearthachtaí maoinithe, nó comhairle maidir leis an dóigh chun cur le hathléimneacht an fhoirgnimh in aghaidh an athraithe aeráide.
Airteagal 19 11.

Féadfar deimhniúchán aonad foirgnimh a bhunú ar na nithe seo a leanas:

(a) 

deimhniúchán coiteann ar an bhfoirgneamh iomlán; nó

(b) 

an measúnú ar aonad foirgnimh ionadaíoch eile a bhfuil na hairíonna céanna ag baint leis agus atá ag an bhfoirgneamh i gceist ó thaobh cúrsaí fuinnimh de.

Airteagal 19 12.
Féadfaidh deimhniúchán do thithe aonteaghlaigh a bheith bunaithe ar mheasúnú a dhéanamh ar fhoirgneamh eile ionadaíoch de dhearadh cosúil, de mhéid cosúil agus de cháilíocht feidhmíochta fuinnimh cosúil más féidir leis an saineolaí atá ag eisiúint an deimhnithe feidhmíochta fuinnimh an chomhréireacht sin a áirithiú.
Airteagal 19 13.

Ní rachaidh bailíocht an deimhnithe feidhmíochta fuinnimh thar thréimhse 10 mbliana. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás inar eisíodh deimhniú feidhmíochta fuinnimh d’fhoirgnimh faoi bhun leibhéal C, áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar cuireadh d’úinéirí foirgneamh teacht chuig ionad ilfhreastail chun comhairle a fháil maidir le hathchóiriú, ar cibé ceann de na nithe seo a leanas is luaithe:

(a) 

díreach tar éis do dheimhniú feidhmíochta fuinnimh an fhoirgnimh dul in éag; nó

(b) 

5 bliana tar éis eisiúint an deimhnithe feidhmíochta fuinnimh.

Airteagal 19 14.
Cuirfidh na Ballstáit nósanna imeachta simplithe ar fáil chun deimhniú feidhmíochta fuinnimh a nuashonrú i gcás nach ndéanfar ach eilimintí aonair a uasghrádú, trí bhíthin bearta aonair nó bearta neamhspleácha.

Cuirfidh na Ballstáit nósanna imeachta simplithe ar fáil chun deimhniú feidhmíochta fuinnimh a thabhairt cothrom le dáta i gcás ina gcuirfear bearta ar bun a shainaithnítear i bpas athchóirithe nó i gcás ina n-úsáidfear macasamhail dhigiteach den fhoirgneamh, modhanna deimhnithe eile, nó sonraí ó uirlisí deimhnithe lena gcinntear feidhmíocht fuinnimh foirgnimh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 24.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1275
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.