+Airteagal 22 Bunachair sonraí le haghaidh feidhmíocht fuinnimh foirgneamh
---+Airteagal 22 1.
---+Airteagal 22 2.
---+Airteagal 22 3.
---+Airteagal 22 4.
---+Airteagal 22 5.
---+Airteagal 22 6.
---+Airteagal 22 7.
|
Airteagal 22 Bunachair sonraí le haghaidh feidhmíocht fuinnimh foirgneamh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 22 1.
|
Bunóidh gach Ballstát bunachar sonraí náisiúnta le haghaidh feidhmíocht fuinnimh foirgneamh lenar féidir sonraí a bhailiú maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh aonair agus maidir le feidhmíocht fuinnimh fhoriomlán an stoic náisiúnta foirgneamh. Féadfaidh sraith bunachar sonraí idirnasctha a bheith sna bunachair sonraí sin. Leis an mbunachar sonraí féadfar sonraí a bhailiú ó na foinsí ábhartha uile maidir le deimhnithe feidhmíochta fuinnimh, cigireachtaí, an pas athchóirithe, an táscaire ullmhachta cliste agus tomhaltas fuinnimh ríofa nó mhéadraithe na bhfoirgneamh a chumhdaítear. Chun sonrú a chur sa bhunachar sin, féadfar tíopeolaíochtaí tógála a bhailiú freisin. Féadfar sonraí a bhailiú agus a stóráil freisin maidir le hastaíochtaí oibríochtúla agus astaíochtaí corpraithe araon agus maidir le GWP ar feadh saolré.
|
|
Airteagal 22 2.
|
Cuirfear sonraí comhiomlánaithe agus anaithnidithe an stoic foirgneamh ar fáil go poiblí, i gcomhréir le rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta cosanta sonraí. Beidh na sonraí a stórálfar meaisín-inléite agus inrochtana trí chomhéadan digiteach iomchuí. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain éasca agus shaor in aisce ag úinéirí, tionóntaí agus bainisteoirí foirgnimh agus institiúidí airgeadais ar an deimhniú feidhmíochta fuinnimh iomlán a mhéid a bhaineann leis na foirgnimh ina n-infheistíocht agus a bpunanna iasachta agus, le cead an úinéara, ag saineolaithe neamhspleácha. Maidir le foirgnimh a thairgtear le haghaidh cíosa nó le haghaidh díola, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag tionóntaí nó ceannaitheoirí ionchasacha a bhfuil údarú faighte acu ó úinéir an fhoirgnimh ar an deimhniú feidhmíochta fuinnimh iomlán.
|
|
Airteagal 22 3.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag údaráis áitiúla ar shonraí ábhartha maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh ar a gcríoch de réir mar is gá chun dréachtú pleananna téimh agus fuaraithe a éascú agus chun córais faisnéise geografaí oibríochtúla agus bunachair sonraí ghaolmhara a áireamh, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679. Tacóidh na Ballstáit leis na húdaráis áitiúla maidir leis na hacmhainní is gá a fháil chun sonraí agus faisnéis a bhainistiú.
|
|
Airteagal 22 4.
|
Cuirfidh na Ballstáit faisnéis ar fáil go poiblí maidir le sciar na bhfoirgneamh sa stoc náisiúnta foirgneamh a chumhdaítear le deimhniú feidhmíochta fuinnimh agus sonraí comhiomlánaithe nó anaithnidithe maidir le feidhmíocht fuinnimh, lena n-áirítear tomhaltas fuinnimh, agus, i gcás inarb ábhartha, GWP ar feadh saolré na bhfoirgneamh a chumhdaítear. Déanfar an fhaisnéis phoiblí a thabhairt cothrom le dáta faoi dhó sa bhliain ar a laghad. Cuirfidh na Ballstáit faisnéis anaithnid nó comhiomlánaithe ar fáil d’institiúidí poiblí agus d’institiúidí taighde, mar shampla, na hoifigí staidrimh náisiúnta, arna iarraidh sin.
|
|
Airteagal 22 5.
|
Uair sa bhliain ar a laghad, áiritheoidh na Ballstáit go n-aistreofar an fhaisnéis sa bhunachar sonraí náisiúnta chuig Faireachlann an Aontais um Stoc Foirgneamh. Féadfaidh na Ballstáit an fhaisnéis a aistriú níos minice.
|
|
Airteagal 22 6.
|
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun teimpléid choiteanna a bhunú chun an fhaisnéis a aistriú chuig Faireachlann an Aontais um Stoc Foirgneamh. Glacfar an chéad ghníomh cur chun feidhme sin faoin 30 Meitheamh 2025. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(3).
|
|
Airteagal 22 7.
|
Ar mhaithe le comhleanúnachas agus comhsheasmhacht na faisnéise a áirithiú, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an bunachar sonraí náisiúnta le haghaidh feidhmíocht fuinnimh foirgneamh idir-inoibritheach agus comhtháite le bunachair sonraí riaracháin eile ina bhfuil faisnéis maidir le foirgnimh, mar shampla clár foirgneamh náisiúnta nó clár talún náisiúnta agus logleabhair dhigiteacha foirgneamh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 24.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1275
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|