|
+Airteagal 28 Athbhreithniú |
Airteagal 28 AthbhreithniúAirteagal 28 Athbhreithniú Déanfaidh an Coimisiún, le cúnamh ón gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 33, athbhreithniú ar an Treoir seo faoin 31 Nollaig 2028, i bhfianaise na taithí atá faighte agus an dul chun cinn atá déanta le linn a chur i bhfeidhm agus moltaí a dhéanamh, más gá. Mar chuid den athbhreithniú sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú an dtugann cur i bhfeidhm na Treorach seo i gcomhar le hionstraimí reachtacha eile lena dtugtar aghaidh ar fheidhmíocht fuinnimh agus astaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh, go háirithe trí phraghsáil carbóin, dul chun cinn leordhóthanach i dtreo stoc foirgneamh astaíochtaí nialasacha atá dícharbónaithe go hiomlán, a bhaint amach faoin mbliain 2050, nó an gá bearta ceangailteacha breise ar leibhéal an Aontais, go háirithe íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh éigeantacha ar fud an stoic foirgneamh ina iomláine, a thabhairt isteach, lena n-áirítear chun a áirithiú gur féidir na luachanna le haghaidh 2030 agus 2035 a leagtar amach in Airteagal 9(2) a bhaint amach. Déanfaidh an Coimisiún measúnú freisin ar na treochláir náisiúnta agus go háirithe ar na teorainnluachanna atá beartaithe do GWP ar feadh saolré foirgneamh nua de bhun Airteagal 7(4) agus breithneoidh sé an bhfuil gá le bearta breise lena gcuirtear timpeallacht thógtha inbhuanaithe chun cinn. Scrúdóidh an Coimisiún Eorpach chomh maith an bealach a mbeadh Ballstáit in ann cur chuige comhtháite limistéir nó comharsanachta a chur i bhfeidhm i mbeartas tógála agus éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais, agus ag féachaint dó go mbainfidh gach foirgneamh na ceanglais íosta feidhmíochta fuinnimh amach ag an am céanna, mar shampla trí bhíthin cláir athchóirithe chomhtháite agus scéimeanna athchóirithe foriomlána a chuirfear i bhfeidhm ar líon foirgneamh i gcomhthéacs spásúil in ionad déanamh amhlaidh ar fhoirgneamh aonair. Déanfaidh an Coimisiún measúnú freisin an mbeadh táscairí malartacha, mar shampla úsáid deiridh fuinnimh agus riachtanais fuinnimh, níos oiriúnaí chun críocha Iarscríbhinn I. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|