+Airteagal 29 Faisnéis
---+Airteagal 29 1.
---+Airteagal 29 2.
---+Airteagal 29 3.
---+Airteagal 29 4.

Airteagal 29 Faisnéis

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 29 1.
Déanfaidh na Ballstáit feachtais faisnéise agus múscailte feasachta a ullmhú agus a chur i gcrích. Déanfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun na bealaí agus cleachtais dhifriúla lena gcuirtear feabhas ar fheidhmíocht fuinnimh a chur in iúl d’úinéirí agus do thionóntaí na bhfoirgneamh nó na n-aonad foirgnimh agus do gach gníomhaire margaidh ábhartha, mar shampla údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus comhphobail fuinnimh. Go háirithe, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun faisnéis shaincheaptha a sholáthar do theaghlaigh leochaileacha. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil freisin d’údaráis áitiúla agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta.
Airteagal 29 2.
Cuirfidh na Ballstáit faisnéis ar fáil go háirithe d’úinéirí nó do thionóntaí foirgneamh maidir le deimhnithe feidhmíochta fuinnimh, lena n-áirítear an chúis agus na cuspóirí a bhaineann leo, maidir le bearta costéifeachtacha agus, i gcás inarb iomchuí, ionstraimí airgeadais, chun feidhmíocht fuinnimh an fhoirgnimh a fheabhsú agus maidir le roghanna eile atá níos inbhuanaithe a chur in ionad coirí breosla iontaise. Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis ar fáil trí uirlisí comhairleacha inrochtana agus trédhearcacha mar shampla comhairle maidir le hathchóiriú agus na hionaid ilfhreastail arna mbunú de bhun Airteagal 18, agus aird ar leith á tabhairt ar theaghlaigh leochaileacha.

Cabhróidh an Coimisiún leis na Ballstáit feachtais faisnéise a chur ar bun chun críocha mhír 1 agus na chéad fhomhíre den mhír seo, a bhféadfar déileáil leo i gcláir an Aontais, arna iarraidh sin do na Ballstáit.

Airteagal 29 3.
Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear comhairle agus oiliúint ar fáil dóibh siúd, lena n-áirítear grúpaí faoi ghannionadaíocht, a bheidh freagrach as cur chun feidhme na Treorach seo. Leis an gcomhairle agus an oiliúint sin, díreofar ar an tábhacht a bhaineann le feidhmíocht fuinnimh a fheabhsú, agus fágfaidh sin gur féidir an comhcheangal is fearr a mheas idir feabhsuithe ar fheidhmíocht fuinnimh, laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, úsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite agus úsáid téimh agus fuaraithe ceantair an uair a bheidh limistéir thionsclaíocha nó chónaithe á bpleanáil, á gceapadh, á dtógáil agus á n-athchóiriú. Leis an gcomhairle agus an oiliúint sin, féadfar aghaidh a thabhairt freisin ar fheabhsuithe struchtúracha, oiriúnú don athrú aeráide, sábháilteacht ó dhóiteán, rioscaí a bhaineann le dianghníomhaíocht sheismeach, substaintí guaiseacha lena n-áirítear aispeist a bhaint, astaíochtaí truailleán aeir (lena n-áirítear ábhar cáithníneach mín), cáilíocht na timpeallachta laistigh agus inrochtaineacht do dhaoine atá faoi mhíchumas. Féachfaidh na Ballstáit le bearta a chur i bhfeidhm chun tacú le hoiliúint d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha, do chomhphobail fuinnimh in-athnuaite agus do ghníomhaithe ábhartha eile, mar shampla tionscnaimh athchóirithe faoi stiúir na saoránach, chun cuspóirí na Treorach seo a chur chun cinn.
Airteagal 29 4.
Déanfaidh an Coimisiún a chuid seirbhísí faisnéise a fheabhsú ar bhonn leanúnach, go háirithe an suíomh a bunaíodh mar thairseach Eorpach maidir le feidhmíocht fuinnimh i bhfoirgnimh agus tá sé dírithe ar shaoránaigh, ar ghairmithe agus ar údaráis, chun cabhrú le hiarrachtaí na mBallstát agus iad ag scaipeadh faisnéise agus eolais. D’fhéadfadh naisc le dlí ábhartha an Aontais agus le rialacha náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla a bheith ar áireamh san fhaisnéis a thaispeántar ar an suíomh gréasáin sin, naisc chuig suíomhanna gréasáin Europa ina dtaispeántar na Pleananna Gníomhaíochta Náisiúnta maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh, naisc chuig na hionstraimí airgeadais atá ar fáil, chomh maith le samplaí dea-chleachtais ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, lena n-áirítear maidir leis na hionaid ilfhreastail arna mbunú de bhun Airteagal 18 den Treoir seo. I gcomhthéacs Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an Chiste Chomhtháthaithe agus an Chiste um Aistriú Cóir arna bunú le Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 7 ), an Chiste Aeráide Sóisialta, agus na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, leanfaidh an Coimisiún dá chuid seirbhísí faisnéise agus neartóidh sé a thuilleadh iad chun úsáid na gcistí atá ar fáil a éascú trí chúnamh agus faisnéis a sholáthar, lena n-áirítear i gcomhar leis an mBanc Infheistíochta Eorpach, tríd an tSaoráid Eorpach um Chúnamh Áitiúil i Réimse an Fhuinnimh, do pháirtithe leasmhara, lena n-áirítear údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, maidir le deiseanna maoinithe, agus na hathruithe is déanaí sa chreat rialála á gcur san áireamh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 24.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1275
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.