1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de cheart ag cuideachta nach bhfuil a scaireanna ligthe isteach chun a dtrádála cheana féin ar mhargadh rialáilte nó ar MTF struchtúr MVS a ghlacadh chun a scaireanna a ligean isteach chun a dtrádála ar MTF. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar cinneadh na cuideachta struchtúr MVS a ghlacadh ag cruinniú ginearálta na scairshealbhóirí (‘cruinniú ginearálta’) trí thromlach cáilithe ar a laghad mar a shonraítear sa dlí náisiúnta. A mhéid a bhaineann le struchtúr MVS a ghlacadh, ní bheidh sé mar choinníoll ag na Ballstáit go bhforálfar do chearta eacnamaíocha feabhsaithe le haghaidh scaireanna gan cearta vótála feabhsaithe.
Chun críocha na chéad fhomhíre, i gcás ina bhfuil roinnt aicmí scaireanna ann, beidh an cinneadh maidir le struchtúr MVS a ghlacadh faoi réir vóta ar leithligh i ngach aicme scaireanna a ndéantar difear dá gcearta freisin.