+Airteagal 3 Glacadh nó modhnú struchtúir MVS roimh ligean isteach chun a dtrádála
---+Airteagal 3 1
---+Airteagal 3 2
---+Airteagal 3 3
---+Airteagal 3 4
---+Airteagal 3 5
|
Airteagal 3 Glacadh nó modhnú struchtúir MVS roimh ligean isteach chun a dtrádála
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 3 1
|
1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de cheart ag cuideachta nach bhfuil a scaireanna ligthe isteach chun a dtrádála cheana féin ar mhargadh rialáilte nó ar MTF struchtúr MVS a ghlacadh chun a scaireanna a ligean isteach chun a dtrádála ar MTF. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar cinneadh na cuideachta struchtúr MVS a ghlacadh ag cruinniú ginearálta na scairshealbhóirí (‘cruinniú ginearálta’) trí thromlach cáilithe ar a laghad mar a shonraítear sa dlí náisiúnta. A mhéid a bhaineann le struchtúr MVS a ghlacadh, ní bheidh sé mar choinníoll ag na Ballstáit go bhforálfar do chearta eacnamaíocha feabhsaithe le haghaidh scaireanna gan cearta vótála feabhsaithe.
Chun críocha na chéad fhomhíre, i gcás ina bhfuil roinnt aicmí scaireanna ann, beidh an cinneadh maidir le struchtúr MVS a ghlacadh faoi réir vóta ar leithligh i ngach aicme scaireanna a ndéantar difear dá gcearta freisin.
|
|
Airteagal 3 2
|
2. Cuimseofar leis an gceart chun struchtúr MVS a ghlacadh dá dtagraítear i mír 1 ceart cuideachta struchtúr MVS a ghlacadh sula n-iarrtar go ligfí isteach a scaireanna chun a dtrádála ar MTF.
|
|
Airteagal 3 3
|
3. Féadfaidh na Ballstáit feidhmiú na gceart vótála feabhsaithe a ghabhann le MVS a chur mar choinníoll le scaireanna na cuideachta a bheith ligthe isteach chun a dtrádála ar MTF.
|
|
Airteagal 3 4
|
4. Áiritheoidh na Ballstáit nach gcuirfidh na gnólachtaí infheistíochta agus na hoibreoirí margaidh a bhfuil MTF á oibriú acu cosc ar scaireanna cuideachta a ligean isteach chun a dtrádála ar na forais go bhfuil struchtúr MVS glactha ag an gcuideachta i gcomhréir le mír 1.
|
|
Airteagal 3 5
|
5. Beidh feidhm ag an Airteagal seo freisin, mutatis mutandis, maidir le cuideachta nach bhfuil a scaireanna ligthe isteach cheana chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó MTF, i gcás ina gcinneann an chuideachta sin struchtúr MVS atá ann cheana a mhodhnú d’fhonn a iarraidh go ligfí isteach a scaireanna chun a dtrádála ar MTF.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 14.11.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L2810
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|