7. Faoin 11 Meitheamh 2026, soláthróidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sonraí teicniúla breise maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a)
|
feidhmchláir samhaltaithe, lena n-áirítear an chaoi a gcuirfear torthaí ó fheidhmchláir samhaltaithe agus tomhais tháscacha san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar aercháilíocht agus conas is féidir sáruithe féideartha a shainaithnítear leis na modhanna measúnaithe sin a fhíorú;
|
|
(b)
|
ionadaíochas spásúil na bpointí samplála a chinneadh.
|
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 26(2).