+Airteagal 8 Critéir mheasúnaithe
---+Airteagal 8 1
---+Airteagal 8 2
---+Airteagal 8 3
---+Airteagal 8 4
---+Airteagal 8 5
---+Airteagal 8 6
---+Airteagal 8 7
---+Airteagal 8 8
|
Airteagal 8 Critéir mheasúnaithe
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 8 1
|
1. Déanfaidh na Ballstáit measúnú ar aercháilíocht chomhthimpeallach i ndáil leis na truailleáin dá dtagraítear in Airteagal 7 i ngach ceann dá limistéir, i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos i míreanna 2 go 6 den Airteagal seo agus i gcomhréir le hIarscríbhinn IV.
|
|
Airteagal 8 2
|
2. I ngach limistéar a aicmítear mar limistéar atá os cionn na dtairseach measúnaithe arna socrú do na truailleáin dá dtagraítear in Airteagal 7, úsáidfear tomhais sheasta chun aercháilíocht chomhthimpeallach a mheasúnú. Is féidir na tomhais sheasta sin a fhorlíonadh trí fheidhmchláir nó tomhais tháscacha chun aercháilíocht a mheas agus chun faisnéis leormhaith a sholáthar maidir le dáileadh spásúil na dtruailleán aeir agus maidir le hionadaíochas spásúil na dtomhas seasta.
|
|
Airteagal 8 3
|
3. Ó 2 bhliain tar éis ghlacadh na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo, úsáidfear feidhmchláir samhaltaithe nó tomhais tháscacha de bhreis ar thomhais sheasta chun aercháilíocht chomhthimpeallach a mheasúnú i ngach limistéar ina sáraíonn leibhéal na dtruailleán teorainnluach nó spriocluach ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn I.
Cuirfidh na feidhmchláir samhaltaithe nó na tomhais tháscacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír faisnéis ar fáil maidir le dáileadh spásúil truailleán. I gcás ina n-úsáidfear feidhmchláir samhaltaithe, cuirfidh siad faisnéis ar fáil freisin maidir le hionadaíochas spásúil na dtomhas seasta agus déanfar iad a mhinice is iomchuí ach gach 5 bliana ar a laghad.
|
|
Airteagal 8 4
|
4. I ngach limistéar a aicmítear mar limistéar atá faoi bhun na dtairseach measúnaithe arna mbunú do na truailleáin dá dtagraítear in Airteagal 7, is leor feidhmchláir samhaltaithe, tomhais tháscacha, meastacháin oibiachtúla nó comhcheangal díobh chun aercháilíocht chomhthimpeallach a mheasúnú.
|
|
Airteagal 8 5
|
5. Cuirfear torthaí na bhfeidhmchlár samhaltaithe a úsáidtear i gcomhréir le mír 3 nó 4 den Airteagal seo nó Airteagal 9(3), nó torthaí na dtomhas táscach san áireamh chun measúnú a dhéanamh ar aercháilíocht i ndáil leis na teorainnluachanna agus na spriocluachanna.
Má tá tomhais sheasta le limistéar ionadaíochais spásúla lena gcumhdaítear an limistéar sáraithe arna ríomh tríd an bhfeidhmchlár samhaltaithe ar fáil, féadfaidh Ballstát a roghnú gan an sárú samhaltaithe a thuairisciú mar shárú ar na teorainnluachanna agus na spriocluachanna ábhartha.
|
|
Airteagal 8 6
|
6. Má léiríonn na feidhmchláir samhaltaithe a úsáidtear i gcomhréir le mír 3 nó mír 4 sárú ar aon teorainnluach nó spriocluach i gceantar den limistéar nach gcumhdaítear le tomhais sheasta agus a limistéar ionadaíochais spásúla, féadfar tomhas seasta nó táscach amháin ar a laghad a úsáid ag teophointí breise aerthruaillithe a d’fhéadfadh a bheith ann sa limistéar mar a shainaithnítear leis an bhfeidhmchlár samhaltaithe.
Má léirítear le feidhmhchláir samhaltaithe a úsáidtear i gcomhréir le hAirteagal 9(3) sárú ar aon teorainnluach nó spriocluach i gceantar den limistéar nach gcumhdaítear le tomhais sheasta agus a limistéar ionadaíochais spásúla, úsáidfear tomhas seasta nó táscach amháin breise ar a laghad ag teophointí aerthruaillithe breise a d’fhéadfadh a bheith ann sa limistéar mar a shainaithnítear leis an bhfeidhmchlár samhaltaithe.
I gcás ina n-úsáidfear tomhais sheasta bhreise, bunófar na tomhais sin laistigh de 2 bhliain féilire tar éis an sárú a shamhaltú. I gcás ina n-úsáidfear tomhais tháscacha bhreise, bunófar na tomhais sin laistigh de bhliain féilire amháin tar éis an sárú a shamhaltú. Cumhdóidh na tomhais bliain féilire amháin ar a laghad i gcomhréir leis na ceanglais maidir le cumhdach sonraí íosta a leagtar amach i bPointe B d’Iarscríbhinn V, chun leibhéal tiúchana an truailleáin ábhartha a mheasúnú.
I gcás ina roghnóidh Ballstát gan aon tomhais sheasta nó tháscacha bhreise a dhéanamh, úsáidfear an sárú a thaispeántar le feidhmchláir samhaltaithe chun measúnú a dhéanamh ar aercháilíocht.
|
|
Airteagal 8 7
|
7. Faoin 11 Meitheamh 2026, soláthróidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sonraí teicniúla breise maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a)
|
feidhmchláir samhaltaithe, lena n-áirítear an chaoi a gcuirfear torthaí ó fheidhmchláir samhaltaithe agus tomhais tháscacha san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar aercháilíocht agus conas is féidir sáruithe féideartha a shainaithnítear leis na modhanna measúnaithe sin a fhíorú;
|
|
(b)
|
ionadaíochas spásúil na bpointí samplála a chinneadh.
|
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 26(2).
|
|
Airteagal 8 8
|
8. Déanfar úsáid bith-tháscairí a bhreithniú i gcás ina bhfuil patrúin réigiúnacha ar thionchar éiceachóras le measúnú, lena n-áirítear measúnú i gcomhréir leis an bhfaireachán arna dhéanamh faoi Threoir (AE) 2016/2284.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.11.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L2881
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|