1. Bunóidh gach Ballstát sárláithreán faireacháin amháin ar a laghad in aghaidh an 10 milliún áitritheoir ag cúlsuíomh uirbeach. Déanfaidh Ballstáit a bhfuil níos lú ná 10 milliún áitritheoir iontu sárláithreán faireacháin amháin ar a laghad a bhunú ag cúlsuíomh uirbeach.
Déanfaidh Ballstáit a bhfuil a gcríoch níos mó ná 10 000 km2, ach nach mó ná 100 000 km2, sárláithreán faireacháin amháin ar a laghad a bhunú ag cúlsuíomh tuaithe. Déanfaidh gach Ballstát a bhfuil a gcríoch níos mó ná 100 000 km2, sárláithreán faireacháin amháin ar a laghad in aghaidh an 100 000 km2 a bhunú ag cúlsuíomh tuaithe.