5. Glacfaidh an Coimisiún, na bearta a leanas trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme:
|
(a)
|
lena sonraítear an fhaisnéis a bheidh le cur ar fáil ag na Ballstáit de bhun an Airteagail seo chomh maith leis na teorainneacha ama faoina mbeidh an fhaisnéis sin le cur in iúl;
|
|
(b)
|
bealaí a shainaithint chun cuíchóiriú a dhéanamh ar an gcaoi a dtuairiscítear sonraí agus ar mhalartú cómhalartach faisnéise agus sonraí ó líonraí agus ó phointí samplála aonair lena dtomhaistear truailliú aeir chomhthimpeallaigh laistigh de na Ballstáit.
|
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 26(2).