+Airteagal 3 2.

Airteagal 3 2.

Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh ceirtleáin 1 000 p.e. agus níos mó ach nach mó ná 2 000  p.e. ceanglais mhír 1 faoin 31 Nollaig 2035.

Féadfaidh na Ballstáit maolú ar an spriocdháta dá dtagraítear sa chéad fhomhír seo ar feadh uastréimhse:

(a) 

8 mbliana i gcás inar fíor an méid seo thíos an 1 Eanáir 2025:

(i) 

ní sholáthraítear córais bhailiúcháin do níos lú ná 50 % de na ceirtleáin dá dtagraítear sa chéad fhomhír; nó

(ii) 

bailítear níos lú ná 50 % d’ualach fuíolluisce uirbigh na gceirtleán dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcórais bhailiúcháin;

(b) 

10 mbliana i gcás inar fíor an méid seo thíos an 1 Eanáir 2025:

(i) 

soláthraítear córais bhailiúcháin do níos lú ná 25 % de na ceirtleáin dá dtagraítear sa chéad fhomhír; nó

(ii) 

bailítear níos lú ná 25 % d’ualach fuíolluisce uirbigh na gceirtleán dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcórais bhailiúcháin.

Féadfaidh an Bhulgáir, an Chróit agus an Rómáin maolú ar an spriocdháta dá dtagraítear sa chéad fhomhír seo ar feadh uastréimhse:

(a) 

12 bhliain i gcás inar fíor an méid seo thíos an 1 Eanáir 2025:

(i) 

soláthraítear córais bhailiúcháin do níos lú ná 50 % de na ceirtleáin dá dtagraítear sa chéad fhomhír; nó

(ii) 

bailítear níos lú ná 50 % d’ualach fuíolluisce uirbigh na gceirtleán dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcórais bhailiúcháin;

(b) 

14 bhliain i gcás inar fíor an méid seo thíos an 1 Eanáir 2025:

(i) 

soláthraítear córais bhailiúcháin do níos lú ná 25 % de na ceirtleáin dá dtagraítear sa chéad fhomhír; nó

(ii) 

bailítear níos lú ná 25 % d’ualach fuíolluisce uirbigh na gceirtleán dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcórais bhailiúcháin.

I gcás ina maolaíonn na Ballstáit ar an spriocdháta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, áiritheoidh siad go n-áireofar an méid seo a leanas ina gcéad chlár náisiúnta cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 23:

(a) 

líon na gceirtleán 1 000 p.e. agus níos mó ach nach mó ná 2 000  p.e. nach bhfuil córais bhailiúcháin iomlána acu an 1 Eanáir 2025; agus

(b) 

plean ina sonraítear na hinfheistíochtaí is gá chun lánchomhlíonadh a bhaint amach do na ceirtleáin sin laistigh de na spriocdhátaí fadaithe; agus

(c) 

na cúiseanna teicniúla nó eacnamaíocha is údar le síneadh a chur leis an spriocdháta dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Ní bheidh feidhm le fadú an spriocdháta dá dtagraítear sa chéad fhomhír ach amháin má chomhlíontar coinníollacha an dara fomhír nó an tríú fomhír agus an cheathrú fomhír. Tabharfaidh an Coimisiún fógra do na Ballstáit mura bhfuil na coinníollacha sin á gcomhlíonadh faoin 31 Iúil 2028.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 12.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L3019
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.