|
+Airteagal 23 1. |
Airteagal 23 1.Faoin 1 Eanáir 2028, bunóidh na Ballstáit clár náisiúnta cur chun feidhme le haghaidh na Treorach seo. Beidh ar áireamh sna cláir sin:
(a)
measúnú ar leibhéal chur chun feidhme Airteagail 3 go 8;
(b)
sainaithint agus pleanáil na n-infheistíochtaí is gá chun an Treoir seo a chur chun feidhme le haghaidh gach ceirtleáin, lena n-áirítear meastachán táscach airgeadais agus nuair atá fáil air, meastachán ar an ranníocaíocht airgeadais ó na heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 10, agus ord tosaíochta do na hinfheistíochtaí sin a bhaineann le méid an cheirtleáin agus le leibhéal an tionchair a bhíonn ag sceitheadh fuíolluisce uirbigh neamhchóireáilte ar an gcomhshaol agus rioscaí gaolmhara don chomhshaol agus do shláinte an duine;
(c)
meastachán ar na hinfheistíochtaí is gá chun bonneagar fuíolluisce uirbigh atá ann cheana a athnuachan, a uasghrádú nó chun bonneagar nua a chur ina ionad, lena n-áirítear córais bhailiúcháin, bunaithe ar rátaí dímheasa, agus ar choinníollacha teicniúla agus oibríochtúla, agus é mar aidhm aige seo sceitheadh, insíothlú agus insreabhadh mícheangailte féideartha isteach sna córais bhailiúcháin a chosc, agus úsáid a bhaint, i gcás inarb iomchuí, as ionstraimí digiteacha;
(d)
sainaithint na bhfoinsí féideartha maoinithe nó ar a laghad tásc orthu, nuair a bhíonn gá leo chun muirir ar úsáideoirí a chomhlánú;
(e)
aon fhaisnéis a éilítear faoi Airteagal 6(3) agus Airteagal 7(4) i gcás inarb infheidhme. Féadfaidh na Ballstáit leanúint den chistiú ón Aontas atá ar fáil a úsáid chun an Treoir seo a chur chun feidhme, chun a áirithiú go mbainfidh gach saoránach tairbhe chomhionann as bailiú agus cóireáil éifeachtúil fuíolluisce uirbigh. Féadfaidh na Ballstáit freisin dea-chleachtais a mhalartú maidir le conas feabhas a chur ar ionsú chistí an Aontais. I gcás ina suíonn Ballstát, le linn chur chun feidhme a chláir náisiúnta cur chun feidhme, nach féidir an spriocdháta dá dtagraítear in Airteagal 3(2) nó an spriocdháta dá dtagraítear in Airteagal 6(3), nó iad araon, a urramú i limistéir shonracha mar gur gá an oidhreacht chultúrtha a chaomhnú, déanfaidh an Ballstát sin a chlár náisiúnta cur chun feidhme a thabhairt cothrom le dáta. Beidh liosta sa nuashonrú sin de na ceirtleáin ina bhfuil na limistéir lena mbaineann, míniú mionsonraithe lena léirítear go bhfuil sé thar a bheith deacair an bonneagar riachtanach a thógáil mar gur gá an oidhreacht chultúrtha a chaomhnú, agus amlíne choigeartaithe chun an bonneagar riachtanach sna limistéir sin a thabhairt chun críche. Aon síneadh a chuirtear leis na spriocdhátaí dá dtagraítear in Airteagal 3(2) agus in Airteagal 6(3), beidh sé limistéar-shonrach agus coinneofar chomh gearr agus is féidir é, agus ní rachaidh sé thar 8 mbliana. Cuirfear an clár náisiúnta cur chun feidhme nuashonraithe faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig de bhliain an nuashonraithe sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|