|
+Airteagal 4 6. |
Airteagal 4 6.Gan dochar d’Airteagal 11(1), an chéad fhomhír, cuirfear toirmeasc ar gháis ceaptha teasa fhluairínithe a chur ar an margadh, mura gcuirfidh táirgeoirí nó allmhaireoirí fianaise ar fáil d‘údarás inniúil an Bhallstáit tráth a chuirtear na gáis sin ar an margadh, gur scriosadh nó gur aisghabhadh le húsáid arís aon trífhluaraimeatán arna tháirgeadh ina sheachtháirge mar chuid de phróiseas táirgthe na ngás ceaptha teasa fluairínithe, lena n-áirítear le linn tháirgeadh na mbunábhar chun na gáis sin a tháirgeadh, lena n-úsáidtear na teicnící is fearr atá ar fáil. Chun an fhianaise sin a sholáthar, déanfaidh táirgeoirí agus allmhaireoirí dearbhú comhréireachta a tharraingt suas, a mbeidh doiciméadacht tacaíochta ag gabháil leis:
(a)
tionscnamh na ngás ceaptha teasa fluairínithe atá le cur ar an margadh a bhunú;
(b)
saoráid táirgthe tionscnaimh na ngás ceaptha teasa fluairínithe atá le cur ar an margadh a shainaithint, lena n-áirítear sainaithint na saoráidí tionscnaimh sin d’aon substaintí réamhtheachtacha a bhaineann le clóradéfhluaraimeatán (R-22) a ghiniúint mar chuid den phróiseas táirgthe chun na gáis ceaptha teasa fhluairínithe atá le cur ar an margadh a tháirgeadh;
(c)
cruthúnas a thabhairt maidir le hinfhaighteacht agus oibriú na teicneolaíochta laghdaithe ag na saoráidí tionscnaimh atá coibhéiseach le modheolaíocht bhonnlíne AM0001 arna formheas ag UNFCCC chun sruthanna dramhaíola trífhluaraimeatáin a loscadh nó lena gcruthaítear an mhodheolaíocht gabhála agus scriosta lena n-áirithítear go scriostar astaíochtaí trífhluaraimeatáin i gcomhréir leis na ceanglais faoin bPrótacal;
(d)
maidir le haon fhaisnéis bhreise lena n-éascaítear rianú an gháis ceaptha teasa fhluairínithe roimh allmhairiú. Coinneoidh táirgeoirí agus allmhaireoirí an dearbhú comhréireachta agus an doiciméadacht tacaíochta ar feadh tréimhse 5 bliana ar a laghad ón tráth a chuirtear ar an margadh iad agus cuirfear ar fáil d’údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann nó don Choimisiún iad, arna iarraidh sin dóibh. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na socruithe mionsonraithe a bhaineann leis an dearbhú comhréireachta agus leis an doiciméadacht tacaíochta dá dtagraítear sa dara fomhír a chinneadh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|