+Airteagal 8 Aisghabháil agus scriosadh
---+Airteagal 8 1.
---+Airteagal 8 2.
---+Airteagal 8 3.
---+Airteagal 8 4.
---+Airteagal 8 5.
---+Airteagal 8 6.
---+Airteagal 8 7.
---+Airteagal 8 8.
---+Airteagal 8 9.
---+Airteagal 8 10.
---+Airteagal 8 11.
---+Airteagal 8 12.
---+Airteagal 8 13.

Airteagal 8 Aisghabháil agus scriosadh

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 8 1.
Oibreoirí trealaimh ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe, nach bhfuil i gcúir, áiritheoidh siad go ndéanfar na substaintí sin a aisghabháil agus, tar éis dhíchoimisiúnú an trealaimh, go ndéanfar iad a athchúrsáil, a mhínghlanadh nó a scriosadh.

Is daoine nádúrtha a bhfuil na deimhnithe ábhartha dá bhforáiltear in Airteagal 10 acu a dhéanfaidh na substaintí sin a aisghabháil.

Airteagal 8 2.

Beidh feidhm ag an oibleagáid a leagtar síos i mír 1 maidir le hoibreoirí an trealaimh dho-aistrithe seo a leanas:

(a) 

ciorcaid fuaraithe trealaimh cuisniúcháin agus aerchóiriúcháin, agus teaschaidéal;

(b) 

trealamh ina bhfuil tuaslagóirí atá bunaithe ar gháis ceaptha teasa fhluairínithe;

(c) 

trealamh cosanta ar dhóiteáin;

(d) 

lascthrealamh leictreach.

Airteagal 8 3.

Beidh feidhm ag an oibleagáid a leagtar síos i mír 1 maidir le hoibreoirí aon cheann de na píosaí trealaimh shoghluaiste seo a leanas:

(a) 

ciorcaid fuaraithe na n-aonad cuisniúcháin de thrucailí cuisniúcháin agus leantóirí cuisniúcháin;

(b) 

ciorcaid fuaraithe na n-aonad cuisniúcháin d’fheithiclí cuisniúcháin saothair éadroim agus coimeádáin idirmhódúla, lena n-áirítear coimeádáin chuisniúcháin, agus vaigíní traenach;

(c) 

ciorcaid fuaraithe trealaimh aerchóiriúcháin agus teaschaidéal i bhfeithiclí tromshaothair, i veaineanna, in innealra soghluaiste nach innealra bóthair é a úsáidtear in oibríochtaí talmhaíochta, mianadóireachta agus tógála, i dtraenacha, i meitreonna, i dtramanna agus in aerárthaí.

Airteagal 8 4.
D’fhonn gáis ceaptha teasa fhluairínithe a aisghabháil ó threalamh aerchóiriúcháin i mótarfheithiclí a thagann faoi raon feidhme Threoir 2006/40/CE agus ó threalamh soghluaiste dá dtagraítear i mír 3, pointí (b) agus (c), ní mheasfar go mbeidh na cáilíochtaí cuí ach ag daoine nádúrtha a bhfuil fianú oiliúna ar a laghad acu i gcomhréir le hAirteagal 10(1), an dara fomhír, den Rialachán seo.
Airteagal 8 5.
Beidh feidhm ag an oibleagáid a leagtar síos i mír 1 maidir le hoibreoirí an trealaimh shoghluaiste faoi mhír 3, pointí (b) agus (c), ón 12 Márta 2027.
Airteagal 8 6.
Aon ghás ceaptha teasa fluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus i Roinn 1 d’Iarscríbhinn II, arna aisghabháil, ní úsáidfear é le trealamh a líonadh nó a athlíonadh mura rud é gur gás athchúrsáilte nó mínghlanta é.
Airteagal 8 7.
Gnóthas a úsáideann coimeádán ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus i Roinn 1 d’Iarscríbhinn II, socróidh sé, díreach sula ndéanfar é a dhiúscairt, go ndéanfar aon ghás iarmharach a aisghabháil lena áirithiú go ndéanfar iad a athchúrsáil, a mhínghlanadh nó a scriosadh.
Airteagal 8 8.
Ón 1 Eanáir 2025, áiritheoidh úinéirí foirgneamh agus conraitheoirí, le linn an athchóiriúcháin, go seachnófar, a mhéid is féidir, gníomhaíochtaí athchóiriúcháin nó scartála lena ngabhann baint painéal cúir ina bhfuil cúir ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe iontu a liostaítear in Iarscríbhinn I agus i Roinn 1 d’Iarscríbhinn II, trí na cúir nó na gáis atá iontu a láimhseáil ar bhealach a áiritheoidh go scriosfar na gáis sin. I gcás aisghabháil na ngás sin, is daoine nádúrtha a bhfuil na cáilíochtaí iomchuí acu amháin a dhéanfaidh an aisghabháil.
Airteagal 8 9.
Ón 1 Eanáir 2025, áiritheoidh úinéirí foirgneamh agus conraitheoirí, le linn an athchóiriúcháin, go seachnófar, a mhéid is féidir, gníomhaíochtaí athchóiriúcháin nó scartála lena ngabhann baint cúr i gcláir lannaithe atá suiteáilte i gcuasa nó i struchtúir thógtha ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe iontu a liostaítear in Iarscríbhinn I agus i Roinn 1 d’Iarscríbhinn II, trí na cúir nó na gáis atá iontu a láimhseáil ar bhealach a áiritheoidh go scriosfar na gáis sin. I gcás aisghabháil na ngás sin, is daoine nádúrtha a bhfuil na cáilíochtaí iomchuí acu amháin a dhéanfaidh an aisghabháil.

I gcás nach bhfuil baint na gcúr dá dtagraítear sa chéad fhomhír indéanta go teicniúil, tarraingeoidh an t-úinéir foirgneamh nó an conraitheoir doiciméadacht lena gcuirtear fianaise ar fáil maidir le hindéantacht na bainte sa chás sonrach. Coimeádfar an doiciméadacht sin ar feadh 5 bliana agus cuirfear ar fáil í, arna iarraidh sin, d’údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann nó don Choimisiún.

Airteagal 8 10.
Oibreoirí táirgí agus trealaimh nach liostaítear i mír 2, 3, 8 nó 9 ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus i Roinn 1 d’Iarscríbhinn II, déanfaidh siad socrú maidir le haisghabháil na ngás, murar féidir a shuíomh nach bhfuil sé indéanta go teicniúil nó go bhfuil costais dhíréireacha ag baint leis. Áiritheoidh na hoibreoirí go ndéanfaidh daoine nádúrtha cuícháilithe an aisghabháil, ionas go ndéanfar na gáis a athchúrsáil, a mhínghlanadh nó a scriosadh, nó déanfaidh siad socrú maidir lena scriosadh gan aon aisghabháil roimh ré.

Ní dhéanfaidh ach daoine nádúrtha a bhfuil ar a laghad fianú oiliúna acu i gcomhréir le hAirteagal 10(1), an dara fomhír, den Rialachán seo gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus i Roinn 1 d’Iarscríbhinn II, a aisghabháil ó threalamh aerchóiriúcháin i mótarfheithiclí nach dtagann faoi raon feidhme Threoir 2006/40/CE.

Airteagal 8 11.
Ní scriosfar gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I, ná táirgí ná trealamh ina bhfuil gáis den sórt sin ach amháin trí theicneolaíocht scriosta atá formheasta ag na Páirtithe sa Phrótacal.

Ní dhéanfar gáis ceaptha teasa fhluairínithe eile nach bhfuil an teicneolaíocht scriosta formheasta ina leith a scriosadh, ach amháin trí theicneolaíocht scriosta lena gcomhlíonfar dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta maidir le dramhaíl agus i gcás ina gcomhlíonfar ceanglais bhreise faoin dlí sin.

Airteagal 8 12.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 32 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí liosta táirgí agus trealaimh a bhunú lena mbreithneofar an bhfuil aisghabháil gás ceaptha teasa fluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus i Roinn 1 d’Iarscríbhinn II, nó scriosadh táirgí agus trealaimh ina bhfuil gáis den sórt sin gan na gáis sin a aisghabháil roimh ré, indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch, agus sonrófar, más iomchuí sin, an teicneolaíocht a bheidh le cur i bhfeidhm.
Airteagal 8 13.
Déanfaidh na Ballstáit aisghabháil, athchúrsáil, mínghlanadh agus scriosadh na ngás ceaptha teasa fluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a chur chun cinn.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 20.02.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R0573
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.