|
+Airteagal 12 3. |
Airteagal 12 3.Léireofar an fhaisnéis seo a leanas ar an lipéad a éilítear de bhun mhír 1:
(a)
léiriú go bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe sa táirge nó sa trealamh, nó go bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar na gáis sin;
(b)
ainm na ngás ceaptha teasa fluairínithe de réir an chórais ainmniúcháin thionsclaíoch a nglactar leis nó, mura mbeidh an córas sin ar fáil, an t-ainm ceimiceach;
(c)
ón 1 Eanáir 2017 ar aghaidh, cainníocht na ngás ceaptha teasa fluairínithe atá sa táirge nó sa trealamh nó cainníocht na ngás ceaptha teasa fluairínithe dár ceapadh an trealamh, de réir meáchain agus choibhéis CO2, agus acmhainneacht téimh dhomhanda na ngás sin. Beidh an t-eolas seo a leanas ar an lipéad, i gcás inarb infheidhme:
(a)
tagairt á rá go bhfuil na gáis ceaptha teasa fhluairínithe i dtrealamh atá séalaithe go heirméiteach;
(b)
tagairt á rá go bhfuil lascthrealamh leictreach ann ag a bhfuil ráta sceite tástálaithe níos lú na 0,1 % in aghaidh na bliana, mar a leagtar amach i sonraíocht theicniúil an mhonaróra. I gcás ina ndearnadh táirgí nó trealamh a iarfheistiú agus inar athraíodh na gáis ceaptha teasa fhluairínithe, déanfar na táirgí nó an trealamh sin a athlipéadú le faisnéis nuashonraithe dá dtagraítear sa mhír seo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|