+Airteagal 12 Lipéadú agus faisnéis faoin táirge agus faoin trealamh
---+Airteagal 12 1.
---+Airteagal 12 2.
---+Airteagal 12 3.
---+Airteagal 12 4.
---+Airteagal 12 5.
---+Airteagal 12 6.
---+Airteagal 12 7.
---+Airteagal 12 8.
---+Airteagal 12 9.
---+Airteagal 12 10.
---+Airteagal 12 11.
---+Airteagal 12 12.
---+Airteagal 12 13.
---+Airteagal 12 14.
---+Airteagal 12 15.
---+Airteagal 12 16.
---+Airteagal 12 17.
---+Airteagal 12 18.
|
Airteagal 12 Lipéadú agus faisnéis faoin táirge agus faoin trealamh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 12 1.
|
Na táirgí agus an trealamh ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe, nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar na gáis sin, ní dhéanfar iad a chur ar an margadh, a sholáthar ina dhiaidh sin nó a chur ar fáil d’aon duine eile, ach amháin má bhíonn lipéad orthu. Tá feidhm aige seo maidir leis an méid seo a leanas:
▼B
(b)
trealamh aerchóiriúcháin;
(d)
trealamh cosanta ar dhóiteáin;
(e)
lascthrealamh leictreach;
(f)
dáileoir aerasól ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe, lena n-áirítear análóirí dáileoige méadraithe;
(g)
coimeádáin uile gás ceaptha teasa fluairínithe;
(h)
tuaslagóirí atá bunaithe ar gháis ceaptha teasa fhluairínithe; nó
(i)
timthriallta orgánacha de chineál Rankine.
|
|
Airteagal 12 2.
|
Déanfar táirgí nó trealamh atá faoi réir díolúine dá dtagraítear in Airteagal 11(5), chomh maith le táirgí nó trealamh ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I, agus atá faoi réir díolúine dá dtagraítear in Airteagal 16(4), a lipéadú dá réir, ag sonrú dháta deiridh na díolúine, agus áireofar tagairt iontu nach bhféadfar na táirgí nó an trealamh sin a úsáid ach amháin don chuspóir dár tugadh díolúine faoin Airteagal sin.
|
|
Airteagal 12 3.
|
Léireofar an fhaisnéis seo a leanas ar an lipéad a éilítear de bhun mhír 1:
(a)
léiriú go bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe sa táirge nó sa trealamh, nó go bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar na gáis sin;
(b)
ainm na ngás ceaptha teasa fluairínithe de réir an chórais ainmniúcháin thionsclaíoch a nglactar leis nó, mura mbeidh an córas sin ar fáil, an t-ainm ceimiceach;
(c)
ón 1 Eanáir 2017 ar aghaidh, cainníocht na ngás ceaptha teasa fluairínithe atá sa táirge nó sa trealamh nó cainníocht na ngás ceaptha teasa fluairínithe dár ceapadh an trealamh, de réir meáchain agus choibhéis CO2, agus acmhainneacht téimh dhomhanda na ngás sin.
Beidh an t-eolas seo a leanas ar an lipéad, i gcás inarb infheidhme:
(a)
tagairt á rá go bhfuil na gáis ceaptha teasa fhluairínithe i dtrealamh atá séalaithe go heirméiteach;
(b)
tagairt á rá go bhfuil lascthrealamh leictreach ann ag a bhfuil ráta sceite tástálaithe níos lú na 0,1 % in aghaidh na bliana, mar a leagtar amach i sonraíocht theicniúil an mhonaróra.
I gcás ina ndearnadh táirgí nó trealamh a iarfheistiú agus inar athraíodh na gáis ceaptha teasa fhluairínithe, déanfar na táirgí nó an trealamh sin a athlipéadú le faisnéis nuashonraithe dá dtagraítear sa mhír seo.
|
|
Airteagal 12 4.
|
Beidh an lipéad a éilítear de bhun mhír 1 inléite go soiléir agus doscriosta agus cuirfear é:
(a)
cóngarach do na poirt seirbhíse le haghaidh luchtú nó aisghabháil an gháis ceaptha teasa fhluairínithe; nó
(b)
ar an bpáirt sin den táirge nó den trealamh ina bhfuil an gás ceaptha teasa fluairínithe.
Beidh an lipéad scríofa i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit ina bhfuil an t-earra le cur ar an margadh, le cur ar fáil nó le soláthar.
|
|
Airteagal 12 5.
|
Ní dhéanfar cúir nó polóil réamhchumaiscthe ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a chur ar an margadh, a chur ar fáil ná a sholáthar mura sainaithnítear na gáis ceaptha teasa fhluairínithe le lipéad ina n-úsáidtear an córas ainmniúcháin thionsclaíoch a nglactar leis, nó, mura mbeidh an córas sin ar fáil, an t-ainm ceimiceach. Léireofar go soiléir ar an lipéad go bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe sa chúr nó sa pholól réamhchumaiscthe. I gcás painéil chúir agus cláir lannaithe, beidh an fhaisnéis sin scríofa go soiléir doscriosta ar na cláir chúir nó ar na cláir lannaithe.
|
|
Airteagal 12 6.
|
I gcás inarb ábhartha, déanfar coimeádáin athlíonta ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a athlipéadú le faisnéis nuashonraithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 3.
|
|
Airteagal 12 7.
|
Déanfar coimeádáin ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe atá mínghlanta nó athchúrsáilte agus a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a lipéadú le léiriú gur substaint mhínghlanta nó athchúrsáilte atá ann. I gcás mínghlanadh, áireofar faisnéis ar an mbaiscuimhir agus ainm agus seoladh na saoráide mínghlanta san Aontas.
|
|
Airteagal 12 8.
|
Coimeádáin ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus a chuirtear ar an margadh, a chuirtear ar fáil nó a sholáthraítear lena scriosadh, déanfar iad a lipéadú le léiriú á rá gur le haghaidh scriosadh amháin atá ábhair an choimeádáin.
|
|
Airteagal 12 9.
|
Coimeádáin ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus atá beartaithe lena n-onnmhairiú go díreach, déanfar iad a lipéadú le léiriú á rá gur le haghaidh onnmhairiú díreach amháin atá ábhair an choimeádáin.
|
|
Airteagal 12 10.
|
Coimeádáin ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus a chuirtear ar an margadh, a chuirtear ar fáil nó a sholáthraítear lena n-úsáid i dtrealamh míleata, déanfar iad a lipéadú le léiriú á rá gur chun na críche sin amháin atá ábhair an choimeádáin le húsáid.
|
|
Airteagal 12 11.
|
Coimeádáin ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II agus a chuirtear ar an margadh, a chuirtear ar fáil nó a sholáthraítear i gcomhair eitseáil ábhair leathsheoltóra nó glanadh coimeádán deasctha gaile ceimicí laistigh den earnáil monaraithe leathsheoltóirí, déanfar iad a lipéadú le léiriú á rá gur chun na críche sin amháin atá ábhair an choimeádáin le húsáid.
|
|
Airteagal 12 12.
|
Coimeádáin ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus a chuirtear ar an margadh, a chuirtear ar fáil nó a sholáthraítear lena n-úsáid mar bhunábhar, déanfar iad a lipéadú le léiriú á rá gur mar bhunábhar amháin atá ábhair an choimeádáin le húsáid.
|
|
Airteagal 12 13.
|
Coimeádáin ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I, agus a chuirtear ar an margadh, a chuirtear ar fáil nó a sholáthraítear chun análóirí dáileoige méadraithe a tháirgeadh chun comhábhair chógaisíochta a sholáthar, déanfar iad a lipéadú le léiriú á rá gur chun na críche sin amháin atá ábhair an choimeádáin le húsáid.
|
|
Airteagal 12 14.
|
I gcás coimeádáin ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I, áireofar ar an lipéad dá dtagraítear i míreanna 8 go 12 an léiriú ‘díolmhaithe ón gcuóta faoi Rialachán (AE) 2024/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle’. In éagmais na gceanglas lipéadaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo agus i míreanna 8 go 12, beidh na hidreafluaracarbóin faoi réir na gceanglas cuóta de bhun Airteagal 16(1).
|
|
Airteagal 12 15.
|
Sna cásanna dá dtagraítear i bpointí 2(b), 4, 5(c), 7(b), (c) agus (d), 8(b) go (e), 9(b) go (f), 11(c), 16, 17(a), (b) agus (c), agus 19(a) agus (b) d’Iarscríbhinn IV, déanfar an táirge nó an trealamh a lipéadú le léiriú á rá nach n-úsáidfear é ach amháin i gcás ina éilítear amhlaidh leis na ceanglais sábháilteachta nó na caighdeáin sábháilteachta náisiúnta, de réir mar is infheidhme. Sonrófar na ceanglais nó caighdeáin sin ar an lipéad. Sna cásanna dá dtagraítear i bpointí 19 agus 21 d’Iarscríbhinn IV, déanfar an táirge nó an trealamh a lipéadú le léiriú á rá nach bhfuil an táirge nó an trealamh le húsáid ach amháin i gcás ina éilítear amhlaidh leis an bhfeidhm leighis arna sonrú ar an lipéad.
|
|
Airteagal 12 16.
|
Beidh an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 3 agus 5 sna lámhleabhair treoracha a ghabhann leis na táirgí agus leis an trealamh lena mbaineann. I gcás táirgí agus trealamh ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II, agus ag a bhfuil acmhainneacht téimh dhomhanda de 150 nó níos mó, beidh an fhaisnéis sin sna tuairiscí a úsáidtear le haghaidh fógraíochta.
|
|
Airteagal 12 17.
|
Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, formáid na lipéad dá tagraítear i mír 1 agus i míreanna 4 go 15 den Airteagal seo a chinneadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).
|
|
Airteagal 12 18.
|
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 32 chun leasú a dhéanamh ar na ceanglais lipéadaithe a leagtar amach i míreanna 4 go 15 den Airteagal seo, i gcás inarb iomchuí, i bhfianaise forbairt tráchtála nó teicneolaíocha.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.02.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R0573
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|