+Airteagal 17 7.

Airteagal 17 7.

Gach bliain, nó níos minice tar éis iarraidh a bhfuil bunús léi ó údarás inniúil de chuid Ballstáit, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, measúnú ar thionchar an chórais um laghdú céimnitheach an chuóta a leagtar síos in Iarscríbhinn VII ar mhargadh teaschaidéil an Aontais agus aird á tabhairt ar thosca ábhartha, go háirithe forbairt praghsanna gás ceaptha teasa fluairínithe a liostaítear i Roinn I d’Iarscríbhinn I ráta fáis na dteaschaidéal a bhfuil na gáis sin fós ag teastáil ina leith, glacadh teicneolaíochta malartaí sa mhargadh agus staid na sprice maidir le ráta úsáide teaschaidéil dá bhforáiltear faoi Phlean REPowerEU. Déanfaidh an Coimisiún na conclúidí ó na measúnuithe sin a áireamh sa Tuarascáil Bhliantúil ábhartha ar Ghníomhaíochtaí maidir le Gníomhú ar son na hAeráide.

I gcás ina léireofar sa mheasúnú géarghanntanas gás ceaptha teasa fluairínithe a liostaítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I chun teaschaidéil a úsáid a d’fhéadfadh baint amach spriocanna imscartha teaschaidéal REPowerEU a chur i mbaol, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 32 chun Iarscríbhinn VII a leasú chun go bhféadfar cainníocht gás ceaptha teasa fluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a chur ar an margadh, de bhreis ar na cuótaí faoi Iarscríbhinn VII, suas le 4 410 247 tona de choibhéis CO2, in aghaidh na bliana, don tréimhse 2025-2026 agus suas le 1 425 536 tona de choibhéis CO2, in aghaidh na bliana, don tréimhse 2027-2029 faoi seach.

I gcás ina nglacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe dá dtagraítear sa dara fomhír den Airteagal seo, dáilfear an cuóta breise ar tháirgeoirí agus ar allmhaireoirí a thuairiscigh faoi Airteagal 26, an bhliain roimhe sin, maidir le húsáid teaschaidéil mar cheann de na príomhchatagóirí cur i bhfeidhm ina n-úsáidtear an tsubstaint, tar éis dóibh iarraidh a chur isteach tríd an Tairseach F-gás.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 20.02.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R0573
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.