+Airteagal 17 Luachanna tagartha agus leithdháiltí cuóta a chinneadh chun hidreafluaracarbóin a chur ar an margadh
---+Airteagal 17 1.
---+Airteagal 17 2.
---+Airteagal 17 3.
---+Airteagal 17 4.
---+Airteagal 17 5.
---+Airteagal 17 6.
---+Airteagal 17 7.
---+Airteagal 17 8.
|
Airteagal 17 Luachanna tagartha agus leithdháiltí cuóta a chinneadh chun hidreafluaracarbóin a chur ar an margadh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 17 1.
|
Faoin 31 Deireadh Fómhair 2024 agus ar a laghad gach 3 bliana ina dhiaidh sin, cinnfidh an Coimisiún luachanna tagartha le haghaidh táirgeoirí agus allmhaireoirí i gcomhréir le hIarscríbhinn VII maidir le hidreafluaracarbóin a chur ar an margadh. Cinnfidh an Coimisiún na luachanna tagartha sin le haghaidh na dtáirgeoirí agus na n-allmhaireoirí uile a chuir hidreafluaracarbóin ar an margadh le linn na 3 bliana roimhe sin, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme lena gcinntear luachanna tagartha le haghaidh na dtáirgeoirí agus na n-allmhaireoirí uile. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).
|
|
Airteagal 17 2.
|
Féadfaidh táirgeoir nó allmhaireoir fógra a thabhairt don Choimisiún faoi chomharbas buan nó faoi shealbhú na coda dá ghnó atá ábhartha don Airteagal seo, a bhfuil athrú ar shannadh a luachanna tagartha agus luachanna tagartha a chomharba dhlíthiúil mar thoradh air. Féadfaidh an Coimisiún doiciméadacht ábhartha a iarraidh chun na críche sin. Cuirfear na luachanna tagartha coigeartaithe ar fáil ar an Tairseach F-gás.
|
|
Airteagal 17 3.
|
Faoin 1 Meitheamh 2024 agus faoin 1 Aibreán 2027 agus gach 3 bliana ar a laghad ina dhiaidh sin, féadfaidh táirgeoirí agus allmhaireoirí dearbhú a dhéanamh maidir le cuóta a fháil ón gcúlchiste dá dtagraítear in Iarscríbhinn VIII tríd an Tairseach F-gás.
|
|
Airteagal 17 4.
|
Faoin 31 Nollaig 2024, agus gach bliain ina dhiaidh sin, leithdháilfidh an Coimisiún cuóta do gach táirgeoir agus allmhaireoir chun hidreafluaracarbóin a chur ar an margadh, de bhun Iarscríbhinn VIII. Tabharfar fógra faoi chuóta do tháirgeoirí agus d’allmhaireoirí tríd an Tairseach F-gás.
|
|
Airteagal 17 5.
|
Beidh na leithdháiltí cuóta faoi réir íocaíocht an mhéid atá dlite arb ionann é agus trí euro in aghaidh gach tona de choibhéis CO2 den chuóta atá le leithdháileadh. Tabharfar fógra tríd an Tairseach F-gás do tháirgeoirí agus d’allmhaireoirí agus faoin mhéid iomlán atá dlite i gcomhair a leithdháilte cuóta uasta ríofa le haghaidh na bliana féilire dár gcionn, agus faoin spriocdháta chun an íocaíocht a chur i gcrích. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na socruithe mionsonraithe le haghaidh íocaíocht an mhéid dhlite a chinneadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2). Féadfaidh táirgeoirí agus allmhaireoirí gan íoc ach as cuid den leithdháileadh cuóta uasta ríofa a thairgtear dóibh. Sa chás sin, leithdháilfear do na táirgeoirí agus do na hallmhaireoirí sin an cuóta atá comhfhreagrach leis an íocaíocht a dhéantar faoin spriocdháta dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Go dtí an 31 Nollaig 2027, athdháilfidh an Coimisiún an cuóta nach ndearnadh íocaíocht ina leith faoin spriocdháta socraithe, saor in aisce, do na táirgeoirí agus do na hallmhaireoirí sin amháin a d’íoc an méid iomlán atá dlite i gcomhair a leithdháilte cuóta uasta ríofa dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus a rinne dearbhú dá dtagraítear i mír 3. Déanfar an t-athdháileadh sin ar bhonn sciar gach tairgeora nó gach allmhaireora den tsuim de na cuótaí uasta ríofa uile a thairgeadh do na táirgeoirí agus do na hallmhaireoirí sin, agus a íocadh ina n-iomlán acu. Ón 1 Eanáir 2028, cuirfear ar ceal an cuóta nach mbeidh íocaíocht déanta ina leith faoin spriocdháta socraithe. Údarófar don Choimisiún gan an chainníocht uasta dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII a leithdháileadh ina hiomlán agus gan cuóta breise a leithdháileadh, mar theagmhas le haghaidh fadhbanna cur chun feidhme le linn na tréimhse leithdháilte.
|
|
Airteagal 17 6.
|
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 32 chun mír 5 den Airteagal seo a leasú maidir leis na méideanna atá dlite don leithdháileadh cuótaí agus maidir leis an sásra chun an cuóta atá fágtha a leithdháileadh, chun boilsciú a chúiteamh.
|
|
Airteagal 17 7.
|
Gach bliain, nó níos minice tar éis iarraidh a bhfuil bunús léi ó údarás inniúil de chuid Ballstáit, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, measúnú ar thionchar an chórais um laghdú céimnitheach an chuóta a leagtar síos in Iarscríbhinn VII ar mhargadh teaschaidéil an Aontais agus aird á tabhairt ar thosca ábhartha, go háirithe forbairt praghsanna gás ceaptha teasa fluairínithe a liostaítear i Roinn I d’Iarscríbhinn I ráta fáis na dteaschaidéal a bhfuil na gáis sin fós ag teastáil ina leith, glacadh teicneolaíochta malartaí sa mhargadh agus staid na sprice maidir le ráta úsáide teaschaidéil dá bhforáiltear faoi Phlean REPowerEU. Déanfaidh an Coimisiún na conclúidí ó na measúnuithe sin a áireamh sa Tuarascáil Bhliantúil ábhartha ar Ghníomhaíochtaí maidir le Gníomhú ar son na hAeráide. I gcás ina léireofar sa mheasúnú géarghanntanas gás ceaptha teasa fluairínithe a liostaítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I chun teaschaidéil a úsáid a d’fhéadfadh baint amach spriocanna imscartha teaschaidéal REPowerEU a chur i mbaol, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 32 chun Iarscríbhinn VII a leasú chun go bhféadfar cainníocht gás ceaptha teasa fluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a chur ar an margadh, de bhreis ar na cuótaí faoi Iarscríbhinn VII, suas le 4 410 247 tona de choibhéis CO2, in aghaidh na bliana, don tréimhse 2025-2026 agus suas le 1 425 536 tona de choibhéis CO2, in aghaidh na bliana, don tréimhse 2027-2029 faoi seach. I gcás ina nglacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe dá dtagraítear sa dara fomhír den Airteagal seo, dáilfear an cuóta breise ar tháirgeoirí agus ar allmhaireoirí a thuairiscigh faoi Airteagal 26, an bhliain roimhe sin, maidir le húsáid teaschaidéil mar cheann de na príomhchatagóirí cur i bhfeidhm ina n-úsáidtear an tsubstaint, tar éis dóibh iarraidh a chur isteach tríd an Tairseach F-gás.
|
|
Airteagal 17 8.
|
Is é a bheidh san ioncam a ghinfear ón méid leithdháilte cuóta ioncam sannta seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 21(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
2
). Leithdháilfear an t-ioncam sin do chlár LIFE agus do Cheannteideal 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil (Riarachán Poiblí Eorpach), chun na costais a chumhdach a bhaineann leis an bhfoireann sheachtrach atá ag obair ar bhainistiú an leithdháilte cuóta, na seirbhísí TF, agus na seirbhísí ceadúnaithe chun an Rialachán seo a chur chun feidhme agus chun comhlíonadh an Phrótacail a áirithiú. An t-ioncam a úsáidfear chun na costais sin a chumhdach, ní rachaidh sé thar an uasmhéid bliantúil EUR 3 mhilliún. Aon ioncam atá fágtha tar éis na costais sin a chumhdach, cuirfear isteach i mbuiséad ginearálta an Aontais iad.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.02.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R0573
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|