+Airteagal 23 12.

Airteagal 23 12.

Déanfaidh údaráis chustaim coimeádáin nach féidir a athlíonadh a choigistiú nó a urghabháil, amhail dá dtagraítear in Airteagal 11(3), an dara fomhír, pointe (a), den Rialachán seo, ar coimeádáin iad a thoirmeasctar leis an Rialachán seo lena ndiúscairt trí scriosadh i gcomhréir le hAirteagail 197 agus 198 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 nó cuirfidh siad na húdaráis inniúla ar an eolas chun a áirithiú go ndéanfar coimeádáin den sórt sin a choigistiú agus a urghabháil, lena ndiúscairt trí scriosadh. Déanfaidh údaráis um fhaireachas margaidh freisin coimeádáin den sórt sin a tharraingt siar nó a aisghairm ón margadh i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2019/1020.

I gcásanna eile, nach dtagraítear dóibh sa chéad fhomhír, ina ndéantar allmhairiú, soláthar ina dhiaidh sin, nó onnmhairiú neamhdhleathach de shárú ar an Rialachán seo, go háirithe i gcás ina gcuirtear gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I, ar an margadh ar an mórchóir nó i dtáirgí agus i dtrealamh de shárú ar an gcuóta agus ar na ceanglais údarúcháin a leagtar amach sa Rialachán seo, féadfaidh údaráis chustaim nó údaráis um fhaireachas margaidh bearta malartacha a dhéanamh. Féadfar ceantáil a áireamh ar na bearta sin ar choinníoll go mbeidh an cur ar an margadh ina dhiaidh sin i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Cuirfear toirmeasc ar onnmhairiú gás ceaptha teasa fluairínithe a liostaítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I, Roinn 1, ar suíodh neamhchomhlíonadh ina leith tar éis iad a scaoileadh i saorchúrsaíocht.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 20.02.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R0573
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.