+Airteagal 23 Rialuithe trádála
---+Airteagal 23 1.
---+Airteagal 23 2.
---+Airteagal 23 3.
---+Airteagal 23 4.
---+Airteagal 23 5.
---+Airteagal 23 6.
---+Airteagal 23 7.
---+Airteagal 23 8.
---+Airteagal 23 9.
---+Airteagal 23 10.
---+Airteagal 23 11.
---+Airteagal 23 12.
---+Airteagal 23 13.
|
Airteagal 23 Rialuithe trádála
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 23 1.
|
Déanfaidh údaráis custam agus údaráis um fhaireachas margaidh na toirmisc agus na srianta eile a leagtar amach sa Rialachán seo maidir le hallmhairí agus onnmhairí a fhorfheidhmiú.
|
|
Airteagal 23 2.
|
Chun críocha scaoileadh i saorchúrsaíocht, is é an t-allmhaireoir a luaitear sa dearbhú custam a bheidh sa ghnóthas a shealbhaíonn cuóta nó údaruithe chun cuóta a úsáid mar a cheanglaítear faoin Rialachán seo, agus a chláraítear sa Tairseach F-gás de bhun Airteagal 20. Chun críche allmhairithe seachas scaoileadh i saorchúrsaíocht, is é an dearbhóir a luaitear sa dearbhú custam a bheidh sa ghnóthas a chláraítear sa Tairseach F-gás de bhun Airteagal 20 a bheidh ina dhearbhóir a léirítear sa dearbhú custam ar sealbhóir an údaraithe é le haghaidh nós imeachta speisialta nach nós imeachta idirthurais é, ach amháin má aistrítear cearta agus oibleagáidí de bhun Airteagal 218 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 chun ligean do dhuine eile a bheith ina dhearbhóir.
►C2
I gcás nós imeachta idirthurais, is é an gnóthas atá cláraithe sa Tairseach F-gás de bhun Airteagal 20 a bheidh sa sealbhóir nós imeachta. ◄
Chun críocha onnmhairithe, is é an t-onnmhaireoir a luaitear sa dearbhú custam a bheidh sa ghnóthas a chláraítear sa Tairseach F-gás de bhun Airteagal 20.
|
|
Airteagal 23 3.
|
I gcásanna ina n-allmhairítear gáis ceaptha teasa fhluairínithe agus táirgí agus trealamh ina bhfuil na gáis sin nó a bhfuil a bhfeidhmíocht ag brath ar na gáis sin, is é an t-allmhaireoir, nó, i gcás nach bhfuil an t-allmhaireoir ar fáil, an dearbhóir, a luaitear sa dearbhú custam nó sa dearbhú stórais shealadaigh, agus i gcásanna onnmhairithe, is é an t-onnmhaireoir a luaitear sa dearbhú custam, a chuirfidh an fhaisnéis seo a leanas ar fáil d’údaráis chustaim, i gcás inarb ábhartha, sa dearbhú custam:
(a)
uimhir aitheantais chláraithe na Tairsí F-gas;
(b)
an uimhir Chláraithe agus Aitheantais Oibreoirí Eacnamaíocha (EORI);
(c)
glanmhais na mbulcghás agus na ngás atá i dtáirgí agus i dtrealamh, agus i gcodanna díobh;
(d)
an cód tráchtearra faoina aicmítear na hearraí;
(e)
na tonaí de choibhéis CO2 de bhulcgháis agus de gháis atá i dtáirgí agus i dtrealamh, agus i gcodanna díobh.
|
|
Airteagal 23 4.
|
Déanfaidh údaráis custam a fhíorú go háirithe, i gcásanna scaoileadh i saorchúrsaíocht, an bhfuil cuóta nó údaruithe chun cuóta a úsáid ag an allmhaireoir a luaitear sa dearbhú custam, mar a cheanglaítear faoin Rialachán seo sula scaoiltear na hearraí i saorchúrsaíocht. Áiritheoidh údaráis custam i gcásanna allmhairithe go bhfuil an t-allmhaireoir a luaitear sa dearbhú custam, nó i gcás nach bhfuil sé ar fáil, go bhfuil an dearbhóir, agus i gcásanna onnmhairithe, go bhfuil an t-onnmhaireoir a luaitear sa dearbhú custam, cláraithe sa Tairseach F-gás de bhun Airteagal 20.
|
|
Airteagal 23 5.
|
I gcás inarb ábhartha, cuirfidh údaráis chustaim faisnéis maidir le himréiteach custaim na n-earraí in iúl don Tairseach F-gás trí Thimpeallacht an Ionaid Ilfhreastail an Aontais maidir le Custaim.
|
|
Airteagal 23 6.
|
Allmhaireoirí gás ceaptha teasa fluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus i Roinn 1 d’Iarscríbhinn II, i gcoimeádáin is féidir a athlíonadh, cuirfidh siad ar fáil d’údaráis chustaim an tráth a chuirtear isteach an dearbhú custaim a bhaineann leis an scaoileadh i saorchúrsaíocht, dearbhú comhréireachta amhail dá dtagraítear in Airteagal 11(4), lena n-áirítear fianaise lena ndeimhnítear na socruithe atá i bhfeidhm maidir le filleadh an choimeádáin chun é a athlíonadh.
|
|
Airteagal 23 7.
|
Cuirfidh allmhaireoirí gás ceaptha teasa fluairínithe ar fáil d’údaráis chustaim an tráth a chuirtear isteach an dearbhú custam a bhaineann leis an scaoileadh i saorchúrsaíocht, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 4(6).
|
|
Airteagal 23 8.
|
Cuirfear an dearbhú comhréireachta agus an doiciméadacht dá dtagraítear in Airteagal 19(2) ar fáil d’údaráis chustaim an tráth a chuirtear isteach an dearbhú custam a bhaineann leis an scaoileadh i saorchúrsaíocht.
|
|
Airteagal 23 9.
|
Déanfaidh údaráis chustaim comhlíonadh na rialacha maidir le hallmhairithe agus onnmhairithe a leagtar amach sa Rialachán seo a fhíorú, agus na rialuithe bunaithe ar anailís riosca á ndéanamh acu i gcomhthéacs an Chórais Bainistíochta Riosca Custam agus i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. Cuirfear i gcuntas leis an anailís riosca sin, go háirithe, aon fhaisnéis atá ar fáil faoin dóchúlacht gurb ann do thrádáil neamhdhleathach i ngáis ceaptha teasa fhluairínithe agus stair chomhlíontachta an ghnóthais lena mbaineann.
|
|
Airteagal 23 10.
|
Bunaithe ar anailís riosca, agus rialuithe custam fisiciúla á ndéanamh acu ar na substaintí, na táirgí agus an trealamh a chumhdaítear leis an Rialachán seo, déanfaidh na húdaráis chustaim, go háirithe, na nithe seo a leanas a fhíorú maidir le hallmhairithe agus onnmhairithe:
(a)
go gcomhfhreagraíonn na hearraí a chuirtear i láthair do na hearraí sin ar a dtugtar tuairisc sa cheadúnú agus sa dearbhú custam;
(b)
nach dtagann an táirge nó an trealamh a chuirtear i láthair faoi na toirmisc dá dtagraítear in Airteagal 11(1) agus (3);
(c)
go ndéantar na hearraí a lipéadú go cuí i gcomhréir le hAirteagal 12 sula scaoiltear na hearraí sin i saorchúrsaíocht.
Déanfaidh an t-allmhaireoir nó i gcás nach bhfuil an t-allmhaireoir ar fáil, an dearbhóir, nó an t-onnmhaireoir, de réir mar is iomchuí, an ceadúnas ar fáil d’údaráis chustaim le linn na rialuithe i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.
|
|
Airteagal 23 11.
|
Déanfaidh údaráis chustaim nó údaráis um fhaireachas margaidh na bearta uile is gá chun cosc a chur ar iarrachtaí na substaintí, na táirgí agus an trealamh a chumhdaítear faoin Rialachán seo a allmhairiú nó a onnmhairiú, ar substaintí nó táirgí iad a raibh cosc cheana orthu a bheith ag dul isteach sa chríoch nó ag imeacht aisti.
|
|
Airteagal 23 12.
|
Déanfaidh údaráis chustaim coimeádáin nach féidir a athlíonadh a choigistiú nó a urghabháil, amhail dá dtagraítear in Airteagal 11(3), an dara fomhír, pointe (a), den Rialachán seo, ar coimeádáin iad a thoirmeasctar leis an Rialachán seo lena ndiúscairt trí scriosadh i gcomhréir le hAirteagail 197 agus 198 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 nó cuirfidh siad na húdaráis inniúla ar an eolas chun a áirithiú go ndéanfar coimeádáin den sórt sin a choigistiú agus a urghabháil, lena ndiúscairt trí scriosadh. Déanfaidh údaráis um fhaireachas margaidh freisin coimeádáin den sórt sin a tharraingt siar nó a aisghairm ón margadh i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2019/1020. I gcásanna eile, nach dtagraítear dóibh sa chéad fhomhír, ina ndéantar allmhairiú, soláthar ina dhiaidh sin, nó onnmhairiú neamhdhleathach de shárú ar an Rialachán seo, go háirithe i gcás ina gcuirtear gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I, ar an margadh ar an mórchóir nó i dtáirgí agus i dtrealamh de shárú ar an gcuóta agus ar na ceanglais údarúcháin a leagtar amach sa Rialachán seo, féadfaidh údaráis chustaim nó údaráis um fhaireachas margaidh bearta malartacha a dhéanamh. Féadfar ceantáil a áireamh ar na bearta sin ar choinníoll go mbeidh an cur ar an margadh ina dhiaidh sin i gcomhréir leis an Rialachán seo. Cuirfear toirmeasc ar onnmhairiú gás ceaptha teasa fluairínithe a liostaítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I, Roinn 1, ar suíodh neamhchomhlíonadh ina leith tar éis iad a scaoileadh i saorchúrsaíocht.
|
|
Airteagal 23 13.
|
Ainmneoidh nó formheasfaidh Ballstáit oifigí custam nó áiteanna eile agus sonróidh siad an bealach chuig na hoifigí nó na háiteanna sin, i gcomhréir le hAirteagail 135 agus 267 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, chun na gás ceaptha teasa fluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis, agus na táirgí agus an trealamh a liostaítear in Airteagal 19 den Rialachán seo a chur faoi bhráid na n-údarás custaim, ar theacht isteach dóibh i gcríoch chustaim an Aontais, nó ar imeacht aisti dóibh. Is pearsanra oifige custaim nó daoine údaraithe eile a dhéanfaidh rialuithe i gcomhréir le rialacha náisiúnta, ar pearsanra nó daoine iad a bheidh eolach faoi chúrsaí a bhaineann le cosc a chur ar ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus a mbeidh rochtain acu ar threalamh oiriúnach chun na rialuithe fisiceacha ábhartha a dhéanamh bunaithe ar anailís riosca. Ní údarófar ach na hoifigí custaim nó na háiteanna eile ainmnithe nó formheasta dá dtagraítear sa chéad fhomhír chun tús nó deireadh a chur le nós imeachta idirthurais na ngás agus na dtáirgí nó an trealaimh a chumhdaítear leis an Rialachán seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.02.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R0573
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|