+Airteagal 25 Trádáil le Stáit nó le heagraíochtaí réigiúnacha um chomhtháthú eacnamaíoch agus críocha nach gcumhdaítear leis an bPrótacal
---+Airteagal 25 1.
---+Airteagal 25 2.
---+Airteagal 25 3.
---+Airteagal 25 4.
---+Airteagal 25 5.

Airteagal 25 Trádáil le Stáit nó le heagraíochtaí réigiúnacha um chomhtháthú eacnamaíoch agus críocha nach gcumhdaítear leis an bPrótacal

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 25 1.
Allmhairiú agus onnmhairiú hidreafluaracarbón agus táirgí agus trealaimh ina bhfuil hidreafluaracarbóin nó a bhfuil a bhfeidhmíocht ag brath ar na gáis sin, ó aon Stát nó chuige nó aon eagraíocht réigiúnach um chomhtháthú eacnamaíoch nár chomhaontaigh chun bheith faoi cheangal ag forálacha an Phrótacail is infheidhme maidir leis na gáis sin, cuirfear toirmeasc orthu sin ón 1 Eanáir 2028.
Airteagal 25 2.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 32 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na rialacha is infheidhme maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht agus maidir le hallmhairiú táirgí agus trealaimh a onnmhairítear ó aon Stát nó aon eagraíocht réigiúnach um chomhtháthú eacnamaíoch nó a allmhairítear chuig aon stát nó aon eagraíocht réigiúnach um chomhtháthú eacnamaíoch de réir bhrí mhír 1, ar táirgí agus trealamh iad a táirgeadh trí úsáid a bhaint as hidreafluaracarbóin ach nach bhfuil aon gháis iontu is féidir a shainaithint mar hidreafluaracarbóin, chomh maith leis na rialacha maidir le sainaithint táirgí agus trealaimh den sórt sin, a bhunú. Agus na gníomhartha tarmligthe sin á nglacadh aige, déanfaidh an Coimisiún na cinntí ábhartha a rinne na Páirtithe sa Phrótacal agus, a mhéid a bhaineann leis na rialacha maidir le sainaithint táirgí agus trealaimh den sórt sin, aon chomhairle thréimhsiúil theicniúil a tugadh do na Páirtithe sa Phrótacal a chur san áireamh.
Airteagal 25 3.
De mhaolú ar mhír 1, féadfar trádáil le haon Stát nó eagraíocht réigiúnach um chomhtháthú eacnamaíoch de réir bhrí mhír 1, ar trádáil í i hidreafluaracarbóin. agus i dtáirgí agus trealamh ina bhfuil hidreafluaracarbóin nó a bhfuil a fheidhmíocht ag brath ar na gáis sin nó a tháirgtear trí úsáid a bhaint as gás amháin nó níos mó den sórt sin, a údarú ag an gCoimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, a mhéid a chinntear ag cruinniú de na Páirtithe sa Phrótacal de bhun Airteagal 4(8) den Phrótacal go bhfuil an Prótacal ina iomláine comhlíonta ag an Stát nó ag an eagraíocht réigiúnach um chomhtháthú eacnamaíoch agus go bhfuil sonraí curtha isteach aige chuige sin, de réir mar a shonraítear in Airteagal 7 den Phrótacal. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).
Airteagal 25 4.
Faoi réir aon chinnidh arna ghlacadh ag na Páirtithe sa Phrótacal, dá dtagraítear i mír 2, beidh feidhm ag mír 1 maidir le haon chríoch nach gcumhdaítear leis an bPrótacal ar an gcaoi chéanna a bhfuil feidhm aici maidir le haon Stát nó le haon eagraíocht réigiúnach um chomhtháthú eacnamaíoch de réir bhrí mhír 1.
Airteagal 25 5.
Más rud é go bhfuil an Prótacal á chomhlíonadh ina iomláine ag údaráis críche nach gcumhdaítear leis an bPrótacal agus más rud é go bhfuil sonraí chuige sin curtha isteach acu, de réir mar a shonraítear in Airteagal 7 den Phrótacal, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, nach mbeidh feidhm ag forálacha uile mhír 1 den Airteagal seo nó ag cuid díobh maidir leis an gcríoch sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 20.02.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R0573
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.