+Airteagal 29 3.

Airteagal 29 3.

Áireofar an méid seo a leanas ar na seiceálacha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2:

(a) 

cuairteanna ar an láthair i mbunaíochtaí chomh minic agus is iomchuí agus fíorú ar dhoiciméadacht agus ar threalamh ábhartha; agus

(b) 

seiceálacha ar ardáin ar líne de bhun na míre seo.

Gan dochar do Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ( 5 ) i gcás ina gceadaítear le hardán ar líne, a thagann faoi raon feidhme Chaibidil III, Roinn 4, den Rialachán sin, lena gceadaítear cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le gnóthais a thairgeann gáis ceaptha teasa fhluairínithe nó táirgí agus trealamh ina bhfuil gáis den sórt sin, fíoróidh údaráis inniúla na mBallstát an gcomhlíonann an gnóthas, na gáis ceaptha teasa fhluairínithe, na táirgí nó an trealamh a thairgtear na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo. Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát an Coimisiún agus na húdaráis inniúla ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 49 de Rialachán (AE) 2022/2065 a chur ar an eolas agus oibreoidh siad i gcomhar leo chun comhlíonadh an Rialacháin sin a áirithiú.

Déanfar seiceálacha gan rabhadh roimh ré a thabhairt don ghnóthas, ach amháin i gcás inar gá fógra roimh ré a thabhairt d’fhonn éifeachtacht na seiceálacha a áirithiú. Áiritheoidh na Ballstáit go soláthróidh gnóthais gach cúnamh is gá do na húdaráis inniúla chun na húdaráis sin a chumasú chun na seiceálacha dá bhforáiltear san Airteagal seo a dhéanamh.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 20.02.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R0573
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.