+Airteagal 31 Pionóis
---+Airteagal 31 1.
---+Airteagal 31 2.
---+Airteagal 31 3.
---+Airteagal 31 4.
---+Airteagal 31 5.
|
Airteagal 31 Pionóis
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 31 1.
|
Gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát faoi Threoir 2008/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
6
), leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus déanfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear na pionóis sin chun feidhme. Roimh an 1 Eanáir 2026, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.
|
|
Airteagal 31 2.
|
Beidh na pionóis éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach, agus cinnfear iad ag tabhairt aird chuí ar na nithe seo a leanas leo, de réir mar is infheidhme:
(a)
cineál agus tromchúis an tsáraithe;
(b)
an daonra daoine nó an timpeallacht a ndéanann an sárú difear dóibh, agus an gá atá le hardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus don chomhshaol á chur san áireamh;
(c)
aon sárú roimhe sin ar an Rialachán seo ag an ngnóthas a mheastar a bheith freagrach as;
(d)
staid airgeadais an ghnóthais a mheastar a bheith freagrach as.
|
|
Airteagal 31 3.
|
Áireofar an méid seo a leanas ar na pionóis:
(a)
pionóis airgeadais riaracháin i gcomhréir le mír 4; féadfaidh na Ballstáit, áfach, nó de rogha air sin, pionóis choiriúla a úsáid freisin, ar choinníoll go bhfuil siad chomh héifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach céanna leis na pionóis airgeadais riaracháin dá dtagraítear sa chéad fhomhír den phointe seo;
(b)
earraí a fuarthas go neamhdhleathach a choigistiú nó a urghabháil, nó a tharraingt siar ón margadh nó a bhaint de, nó seilbh a bheith á glacadh orthu ag údaráis inniúla na mBallstát;
(c)
toirmeasc sealadach ar na gáis ceaptha teasa fhluairínithe nó na táirgí agus an trealamh ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe, nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath orthu a úsáid, a tháirgeadh, a allmhairiú, a onnmhairiú, nó a chur ar an margadh, i gcás sárú tromchúiseach nó sáruithe a dhéantar arís agus arís eile.
|
|
Airteagal 31 4.
|
Beidh pionóis airgeadais riaracháin dá dtagraítear i mír 3, pointe (a), comhréireach leis an damáiste don chomhshaol, i gcás inarb infheidhme, agus bainfear go héifeachtach de na daoine atá freagrach as na tairbhí eacnamaíocha a eascraíonn as a sáruithe. Tiocfaidh méadú de réir a chéile ar leibhéal na bpionós airgeadais riaracháin i gcás sáruithe a dhéantar arís agus arís eile. I gcás gáis ceaptha teasa fhluairínithe, nó táirgí agus trealamh ina bhfuil na gáis sin, nó a bhfuil a bhfeidhmíocht ag brath ar na gáis sin, a thairgeadh, a allmhairiú, a onnmhairiú, a chur ar an margadh nó a úsáid go neamhdhleathach, is cúig oiread ar a laghad de luach margaidh na ngás nó na dtáirgí agus an trealaimh lena mbaineann a bheidh in uasmhéid an phionóis airgeadais riaracháin. I gcás ina ndéantar sáruithe den sórt sin arís agus arís eile laistigh de thréimhse 5 bliana, ocht n-uaire ar a laghad luach margaidh na ngás nó na dtáirgí agus an trealaimh lena mbaineann a bheidh in uasmhéid an phionóis airgeadais riaracháin.
|
|
Airteagal 31 5.
|
De bhreis ar na pionóis dá dtagraítear i mír 1, i gcás gnóthais a sháraigh a gcuóta maidir le hidreafluaracarbóin a chur ar an margadh, a leithdháileadh i gcomhréir le hAirteagal 17(4), nó a aistríodh dóibh i gcomhréir le hAirteagal 21(1), ní leithdháilfear ach leithdháileadh cuóta laghdaithe dóibh le haghaidh tréimhse leithdháilte tar éis an sárú sin a bhrath. 200 % den mhéid a sáraíodh an cuóta a bheidh i méid an laghdaithe. Má tá méid an laghdaithe níos airde ná an méid a leithdháilfear i gcomhréir le hAirteagal 17(4) mar chuóta le haghaidh tréimhse leithdháilte tar éis an sárú a bhrath, ní leithdháilfear aon chuóta don tréimhse leithdháilte sin agus laghdófar an cuóta do na tréimhsí leithdháilte ina dhiaidh sin amhlaidh go dtí go n-asbhainfear an méid iomlán. Déanfar na laghduithe a thaifeadadh sa Tairseach F-gás.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.02.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R0573
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|