1. I gcás éigeandála, más gá é i ngeall ar ráigeanna lotnaidí áirithe nó galair áirithe gan choinne, féadfaidh an Coimisiún a údarú, arna iarraidh sin d’údarás inniúil Ballstáit, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, agus tar éis dó fógra a thabhairt don Rúnaíocht Ózóin i gcomhréir le Cinneadh IX/7 ó na Páirtithe sa Phrótacal, go ndéanfaí bróimíd mheitile a tháirgeadh, a chur ar an margadh agus a úsáid go sealadach, ar choinníoll go gceadaítear, faoi Rialacháin (CE) Uimh. 1107/2009 agus (AE) Uimh. 528/2012 faoi seach, bróimíd mheitile a chur ar an margadh agus a úsáid. Scriosfar aon chainníochtaí bróimíde meitile nár úsáideadh.