+Airteagal 18 Bearta chun faireachán a dhéanamh ar thrádáil neamhdhleathach
---+Airteagal 18 1
---+Airteagal 18 2
|
Airteagal 18 Bearta chun faireachán a dhéanamh ar thrádáil neamhdhleathach
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 18 1
|
1. Ar bhonn faireachán rialta ar thrádáil substaintí ídithe ózóin agus measúnú ar na rioscaí féideartha maidir le trádáil neamhdhleathach a bhaineann le gluaiseachtaí substaintí, agus táirgí agus trealaimh ídithe ózóin ina bhfuil na substaintí sin nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar na substaintí sin, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a)
|
an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na critéir a shonrú a bheidh le cur san áireamh ag údaráis inniúla na mBallstát agus seiceálacha á ndéanamh acu, i gcomhréir le hAirteagal 26, chun a shuí an bhfuil a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo á gcomhlíonadh ag gnóthais;
|
|
(b)
|
an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na ceanglais a shonrú a bheidh le seiceáil agus faireachán á dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 17, ar shubstaintí, agus ar tháirgí agus ar threalamh ídithe ózóin ina bhfuil na substaintí sin nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar na substaintí sin, a chuirtear faoi stóráil shealadach nó faoi nós imeachta custaim, lena n-áirítear nós imeachta stórasaithe custaim nó an nós imeachta saorchreasa nó atá ar idirthuras trí chríoch chustaim an Aontais;
|
|
(c)
|
an Rialachán seo a leasú trí mhodheolaíochtaí rianaithe a chur leis i gcomhair gás ceaptha teasa fluairínithe a chuirtear ar an margadh chun faireachán a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagail 13 agus 14, ar allmhairí agus onnmhairí gás ceaptha teasa fluairínithe, agus táirgí agus trealaimh ina bhfuil na gáis sin nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar na gáis sin, a chuirtear faoi stóráil shealadach nó faoi nós imeachta custaim.
|
|
|
Airteagal 18 2
|
2. Agus gníomh tarmligthe á ghlacadh aige faoi mhír 1, cuirfidh an Coimisiún san áireamh sochair chomhshaoil agus tionchair shocheacnamaíocha na modheolaíochta atá le bunú faoi phointí (a), (b) agus (c) den mhír sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.02.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R0590
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|