3. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil a n-údaráis inniúla in ann rochtain a bheith acu go héifeachtúil ar aon fhaisnéis is gá le haghaidh fhorfheidhmiú an Rialacháin seo, agus gur féidir leo an fhaisnéis sin a mhalartú eatarthu go héifeachtúil. Áireofar i bhfaisnéis den sórt sin sonraí a bhaineann le custaim, faisnéis faoi úinéireacht agus stádas airgeadais, aon sárú ar dhlí an chomhshaoil, chomh maith le sonraí a thaifeadtar sa chóras ceadúnúcháin.
Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar fáil freisin d’údaráis inniúla na mBallstát eile agus don Choimisiún nuair is gá leis chun forfheidhmiú an Rialacháin seo a áirithiú.