4. Déanfaidh údaráis inniúla údaráis inniúla na mBallstát eile a chur ar an eolas nuair a bhraitheann siad sárú ar an Rialachán seo ar féidir tionchar a bheith aige ar níos mó ná Ballstát amháin. Déanfaidh údaráis inniúla, go háirithe, údaráis inniúla na mBallstát eile a chur ar an eolas nuair a bhraitheann siad táirge ábhartha ar an margadh nach gcomhlíonann an Rialachán seo, chun gur féidir é a urghabháil, a choigistiú, a tharraingt siar nó a aisghairm ón margadh lena dhiúscairt.
Úsáidfear an Córas Bainistíochta Riosca Custaim chun faisnéis a bhaineann le riosca custaim a mhalartú.
Déanfaidh údaráis chustaim aon fhaisnéis ábhartha a bhaineann le sáruithe ar an Rialachán seo a mhalartú freisin i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle (23) agus déanfaidh siad cúnamh a iarraidh ar na Ballstáit eile agus ar an gCoimisiún i gcás inar gá.