2. Déanfar na seiceálacha de réir cur chuige atá bunaithe ar riosca, ina gcuirtear san áireamh, go háirithe, stair chomhlíonta na ngnóthas, an riosca neamhchomhlíonta a bhaineann le táirge áirithe maidir leis an Rialachán seo, agus aon fhaisnéis ábhartha eile a fhaightear ón gCoimisiún, ó údaráis chustaim, ó údaráis um fhaireachas margaidh, ó údaráis chomhshaoil agus ó údaráis eile a bhfuil feidhmeanna cigireachta na mBallstát acu, nó ó údaráis inniúla tríú tíortha.
Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát seiceálacha freisin nuair atá siad i seilbh fianaise nó faisnéise ábhartha eile, lena n-áirítear fianaise nó faisnéis atá bunaithe ar ábhair imní a bhfuil bunús leo, arna gcur ar fáil ag tríú páirtithe nó ag an gCoimisiún, lena mbaineann neamhchomhlíonadh féideartha an Rialacháin seo.