3. Áireofar an méid seo a leanas ar na seiceálacha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2:
|
(a)
|
cuairteanna ar an láthair i mbunaíochtaí a mhinice is iomchuí agus fíorú ar dhoiciméadacht agus ar threalamh ábhartha; agus
|
|
(b)
|
seiceálacha ar ardáin ar líne de bhun na míre seo.
|
Gan dochar do Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24), i gcás ina gceadaítear le hardán ar líne, a thagann faoi raon feidhme Chaibidil III, Roinn 4, den Rialachán sin, cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le gnóthais a thairgeann substaintí ídithe ózóin nó táirgí agus trealamh ina bhfuil na substaintí sin, fíoróidh údaráis inniúla na mBallstát an gcomhlíonann an gnóthas, na substaintí ídithe ózóin, na táirgí nó an trealamh a thairgtear na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo. Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát an Coimisiún agus na húdaráis inniúla ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 49 de Rialachán (AE) 2022/2065 a chur ar an eolas agus oibreoidh siad i gcomhar leo chun comhlíonadh an Rialacháin sin a áirithiú.
Déanfar seiceálacha gan rabhadh roimh ré a thabhairt don ghnóthas, ach amháin i gcás ina bhfuil gá le fógra roimh ré d’fhonn éifeachtacht na seiceálacha a áirithiú. Áiritheoidh na Ballstáit go soláthróidh gnóthais gach cúnamh is gá do na húdaráis inniúla chun na húdaráis sin a chumasú chun na seiceálacha dá bhforáiltear san Airteagal seo a dhéanamh.