+Airteagal 27 Pionóis
---+Airteagal 27 1
---+Airteagal 27 2
---+Airteagal 27 3
---+Airteagal 27 4
|
Airteagal 27 Pionóis
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 27 1
|
1. Gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát faoi Threoir 2008/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25), leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus déanfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear na pionóis sin chun feidhme. Roimh an 1 Eanáir 2026, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.
|
|
Airteagal 27 2
|
2. Beidh na pionóis éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach, agus cinnfear iad agus aird chuí á tabhairt ar na nithe seo a leanas, de réir mar is infheidhme:
|
(a)
|
cineál agus tromchúis an tsáraithe;
|
|
(b)
|
an daonra daoine nó an timpeallacht a ndéanann an sárú difear dóibh, agus an gá atá le hardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus don chomhshaol á chur san áireamh;
|
|
(c)
|
aon sárú roimhe sin ar an Rialachán seo ag an gnóthas a mheastar a bheith freagrach as;
|
|
(d)
|
staid airgeadais an ghnóthais a mheastar a bheith freagrach as.
|
|
|
Airteagal 27 3
|
3. Áireofar an méid seo a leanas ar na pionóis:
|
(a)
|
pionóis airgeadais riaracháin i gcomhréir le mír 4; áfach, féadfaidh na Ballstáit freisin, nó de rogha air sin, pionóis choiriúla a úsáid ar choinníoll go bhfuil siad éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach ar bhealach atá coibhéiseach leis na pionóis airgeadais riaracháin;
|
|
(b)
|
earraí a fuarthas go neamhdhleathach a choigistiú nó a urghabháil, nó a tharraingt siar ón margadh nó a bhaint de, nó seilbh a bheith á glacadh orthu ag údaráis inniúla na mBallstát;
|
|
(c)
|
toirmeasc sealadach ar na substaintí ídithe ózóin, nó táirgí agus trealamh ina bhfuil substaintí ídithe ózóin, nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath orthu a úsáid, a tháirgeadh, a allmhairiú, a onnmhairiú, nó a chur ar an margadh, i gcás sárú tromchúiseach nó sáruithe a dhéantar arís agus arís eile.
|
|
|
Airteagal 27 4
|
4. Beidh pionóis airgeadais riaracháin dá dtagraítear i mír 3, pointe (a), comhréireach leis an damáiste don chomhshaol, i gcás inarb infheidhme, agus bainfear go héifeachtach de na daoine atá freagrach as na tairbhí eacnamaíocha a eascraíonn as na sáruithe. Tiocfaidh méadú de réir a chéile ar leibhéal na bpionós airgeadais riaracháin i gcás sáruithe a dhéantar arís agus arís eile.
I gcás substaintí ídithe ózóin, nó táirgí agus trealamh ina bhfuil na substaintí sin nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar na substaintí sin, a thairgeadh, a allmhairiú, a onnmhairiú, a chur ar an margadh nó a úsáid go neamhdhleathach, is cúig oiread ar a laghad de luach margaidh na substaintí ídithe ózóin nó na dtáirgí agus an trealaimh lena mbaineann a bheidh in uasmhéid an phionóis airgeadais riaracháin. I gcás ina ndéantar sáruithe den sórt sin arís agus arís eile laistigh de thréimhse 5 bliana, ocht n-uaire ar a laghad luach margaidh na substaintí ídithe ózóin nó na dtáirgí agus an trealaimh lena mbaineann a bheidh in uasmhéid na bpionós airgeadais riaracháin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.02.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R0590
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|