1. Molfaidh an Bord réitigh idir-inoibritheachta maidir le hidir-inoibritheacht trasteorann na seirbhísí poiblí digiteacha tras-Eorpacha. I gcás ina ndéanann an Bord moladh den sórt sin, beidh ‘réiteach um Eoraip Idir-inoibritheach’ mar lipéad ar an réiteach sin agus foilseofar é ar an tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach, agus dealú soiléir á dhéanamh idir réitigh um Eoraip Idir-inoibritheach agus réitigh eile. I gcás ina ndéanann an Bord a mholadh a tharraingt siar, bainfear an lipéad ‘réiteach um Eoraip Idir-inoibritheach’ de agus, i gcás inar gá, scriosfar an réiteach ón tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach.