1. Déanfar boscaí gainimh rialála idir-inoibritheachta a oibriú faoi fhreagracht eintitis an Aontais nó comhlachtaí na hearnála poiblí atá rannpháirteach. Maidir le boscaí gainimh rialála idir-inoibritheachta a ndéanann comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí sonraí pearsanta a phróiseáil lena n-aghaidh, is faoi mhaoirseacht na n-údarás náisiúnta cosanta sonraí agus údarás maoirseachta náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil ábhartha eile a oibreofar iad. Maidir le boscaí gainimh rialála idir-inoibritheachta a ndéanann eintitis de chuid an Aontais sonraí pearsanta a phróiseáil lena n-aghaidh, is faoi mhaoirseacht an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí a oibreofar iad.