3. Tar éis an clárú a dhearbhú, cuirfear an stádas comhaltais ar fáil go poiblí ar an tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach. Ní bheidh teorainn ama le comhaltas. Féadfaidh an Bord é a chúlghairm tráth ar bith, áfach, ar chúiseanna comhréireacha a bhfuil údar maith leo, go háirithe mura bhfuil comhalta in ann rannchuidiú a thuilleadh leis an gComhphobal um Eoraip Idir-inoibritheach nó má tá an comhalta tar éis mí-úsáid a bhaint as an stádas mar chomhalta den Chomhphobal um Eoraip Idir-inoibritheach.