1. Tar éis próiseas comhairliúcháin phoiblí a eagrú tríd an tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach lena mbaineann, inter alia, na comhaltaí den Chomhphobal um Eoraip Idir-inoibritheach agus na comhordaitheoirí idir-inoibritheachta, glacfaidh an Bord clár oibre straitéiseach gach bliain chun tosaíochtaí a phleanáil agus a chomhordú maidir le forbairt idir-inoibritheacht trasteorann na seirbhísí poiblí digiteacha tras-Eorpacha (‘an Clár Oibre don Eoraip Idir-inoibritheach’). Leis an gClár Oibre don Eoraip Idir-inoibritheach, cuirfear san áireamh straitéisí fadtéarmacha an Aontais maidir le digitiú, cláir chistiúcháin de chuid an Aontais atá ann cheana agus cur chun feidhme leanúnach bheartas an Aontais.