+Airteagal 19 Clár Oibre don Eoraip Idir-inoibritheach
---+Airteagal 19 1
---+Airteagal 19 2
---+Airteagal 19 3
|
Airteagal 19 Clár Oibre don Eoraip Idir-inoibritheach
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 19 1
|
1. Tar éis próiseas comhairliúcháin phoiblí a eagrú tríd an tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach lena mbaineann, inter alia, na comhaltaí den Chomhphobal um Eoraip Idir-inoibritheach agus na comhordaitheoirí idir-inoibritheachta, glacfaidh an Bord clár oibre straitéiseach gach bliain chun tosaíochtaí a phleanáil agus a chomhordú maidir le forbairt idir-inoibritheacht trasteorann na seirbhísí poiblí digiteacha tras-Eorpacha (‘an Clár Oibre don Eoraip Idir-inoibritheach’). Leis an gClár Oibre don Eoraip Idir-inoibritheach, cuirfear san áireamh straitéisí fadtéarmacha an Aontais maidir le digitiú, cláir chistiúcháin de chuid an Aontais atá ann cheana agus cur chun feidhme leanúnach bheartas an Aontais.
|
|
Airteagal 19 2
|
2. Beidh an méid seo a leanas sa Chlár Oibre don Eoraip Idir-inoibritheach:
|
(a)
|
measúnú ar riachtanais chun réitigh idir-inoibritheachta a fhorbairt;
|
|
(b)
|
liosta de na bearta tacaíochta um Eoraip Idir-inoibritheach atá ar siúl faoi láthair agus na cinn atá beartaithe;
|
|
(c)
|
liosta de na gníomhaíochtaí leantacha atá molta maidir le bearta nuálaíochta, lena n-áirítear gníomhaíochtaí chun tacú le réitigh idir-inoibritheachta foinse oscailte;
|
|
(d)
|
sineirgí le cláir agus tionscnaimh ábhartha eile de chuid an Aontais agus cláir agus tionscnaimh ábhartha náisiúnta a shainaithint;
|
|
(e)
|
léiriú ar na deiseanna airgeadais atá ar fáil chun tacú leis na tosaíochtaí a áirítear.
|
|
|
Airteagal 19 3
|
3. Leis an gClár Oibre don Eoraip Idir-inoibritheach, ní fhorchuirfear oibleagáidí airgeadais ná ualaí breise riaracháin. Tar éis a ghlactha, foilseoidh an Coimisiún an Clár Oibre don Eoraip Idir-inoibritheach ar an tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach agus soláthróidh sé nuashonruithe tráthrialta maidir lena chur chun feidhme.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 22.03.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R0903
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|