1. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar an dul chun cinn maidir le seirbhísí poiblí digiteacha tras-Eorpacha a fhorbairt chun tacú le ceapadh beartas fianaisebhunaithe agus gníomhaíochtaí riachtanacha san Aontas ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil. Tabharfar tosaíocht san fhaireachán d’athúsáid sonraí faireacháin atá ann cheana ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal idirnáisiúnta agus do bhailiú uathoibríoch sonraí. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an mBord maidir leis an modheolaíocht, na táscairí agus an próiseas a bhaineann leis an bhfaireachán a ullmhú.