3. Agus an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, den Airteagal seo á hullmhú acu, bainfidh oibreoirí úsáid as an bhfaisnéis is fearr atá ar fáil. Gheobhaidh na hoibreoirí na sonraí trí thomhas a dhéanamh. I gcás nach bhfuil an fhaisnéis is fearr atá ar fáil mar thoradh ar thomhas a dhéanamh, i gcás nach indéanta tomhas a dhéanamh nó i gcás nach inmharthana ó thaobh na teicneolaíochta agus na heacnamaíochta de tomhas a dhéanamh, gheobhaidh na hoibreoirí na sonraí trí bhíthin ríomh a dhéanamh. I gcás nach indéanta tomhas ná ríomh a dhéanamh, féadfaidh na hoibreoirí na sonraí a fháil trí mheastachán a dhéanamh. Féadfar a áireamh san fhaisnéis sonraí faireacháin, fachtóirí astaíochta, cothromóidí maischothromaíochta, faireachán indíreach nó ríomhanna eile, breithiúnais innealtóireachta agus modhanna eile atá i gcomhréir le hAirteagal 9(1) agus, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, le modheolaíochtaí atá formheasta go hidirnáisiúnta.