|
+Airteagal 48 2. |
Airteagal 48 2.Sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1, déanfar measúnú ar na nithe seo a leanas ar a laghad:
(a)
a iomchuí atá sé tairseacha uasta maidir le lorg comhshaoil a bhunú le haghaidh amhábhair chriticiúla ar glacadh rialacha maidir le ríomh agus fíorú ina leith chomh maith leis an ngá atá le slabhraí soláthair amhábhar criticiúil a neartú tuilleadh tar éis 2030;
(b)
a iomchuí atá sé tagarmharcanna a bhunú ag díriú ar 2040 agus 2050 maidir le leibhéil chomhlána agus in aghaidh an amhábhair straitéisigh;
(c)
an chomhsheasmhacht idir dlí comhshaoil an Aontais agus an Rialachán seo, go háirithe i ndáil le stádas tosaíochta na dTionscadal Straitéiseach;
(d)
infhaighteacht na faisnéise maidir le méideanna dramhaíola agus amhábhar straitéiseach do shruthanna ábhartha dramhaíola;
(e)
an tionchar a bheadh ag córas ceannaigh chomhpháirtigh a bhunú de bhun Airteagal 25 maidir le hiomaíocht sa mhargadh inmheánach;
(f)
a iomchuí a bheadh sé bearta breise a bhunú chun bailiú, sórtáil agus próiseáil dramhaíola a mhéadú, go háirithe maidir le dramh-mhiotal, lena n-áirítear dramh-mhiotal feiriúil. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|