|
+Airteagal 18 3. |
Airteagal 18 3.Déanfaidh an Coimisiún plean oibre a ghlacadh agus a chur ar fáil go poiblí, in éineacht leis na doiciméid ullmhúcháin ábhartha (‘plean oibre’). Leagfar amach sa phlean oibre liosta de ghrúpaí táirgí a mbeidh tosaíocht le tabhairt dóibh chun ceanglais éicidhearthóireachta a shocrú mar aon leis na hamlínte measta i leith a socraithe. Áireofar sa liosta sin gnéithe táirge agus grúpaí táirgí atáthar lena mheas gur tosaíochtaí iad maidir le ceanglais éicidhearthóireachta chothrománacha a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 5(5), an dara fomhír,
►C2
chomh maith leis na grúpaí de tháirgí tomhaltais gan díol, más ann dóibh, ar ina leith a bheidh breithniú le déanamh i dtaobh toirmeasc ar dhíothú ag oibreoirí eacnamaíocha a thabhairt isteach, bunaithe ar an bhfaisnéis chomhdhlúite a sholáthraítear de bhun Airteagal 26 agus ar aon fhianaise eile atá ar fáil. ◄
Déanfaidh an Coimisiún a mheas, go háirithe, trealamh leictreach agus leictreonach a áireamh nuair a shainaithníonn sé na grúpaí de tháirgí tomhaltais gan díol den chéad uair, más ann dóibh, a measfaidh sé toirmeasc ar dhíothú ag oibreoirí eacnamaíocha a thabhairt isteach ina leith. Cumhdóidh an plean oibre tréimhse trí bliana ar a laghad agus déanfar é a thabhairt cothrom le dáta go rialta. Agus an plean oibre á ghlacadh nó á thabhairt cothrom le dáta aige, déanfaidh an Coimisiún na critéir a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 a chur i gcuntas. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|