+Airteagal 18
---+Airteagal 18 1.
---+Airteagal 18 2.
---+Airteagal 18 3.
---+Airteagal 18 4.
---+Airteagal 18 5.
---+Airteagal 18 6.
---+Airteagal 18 7.
|
Airteagal 18
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 18 1.
|
Agus tosaíocht á tabhairt aige do tháirgí a bheidh le cumhdach le ceanglais éicidhearthóireachta, déanfaidh an Coimisiún anailís ar an rannchuidiú a d’fhéadfadh na táirgí sin a dhéanamh le cuspóirí aeráide, comhshaoil agus éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais a bhaint amach, agus na critéir seo a leanas á gcur i gcuntas:
(a)
an fhéidearthacht feabhas a chur ar na gnéithe táirge gan costais dhíréireacha a bheith ann, agus an méid seo a leanas, go háirithe, á chur i gcuntas:
(i)
easpa nó neamhdhóthanacht dhlí an Aontais nó mainneachtain fórsaí margaidh nó beart féinrialála aghaidh a thabhairt go cuí ar an gcuspóir; agus
(ii)
an difríocht i bhfeidhmíocht táirgí atá ar fáil ar an margadh a bhfuil feidhmiúlacht choibhéiseach acu maidir leis na gnéithe táirge;
(b)
an méid díolachán agus trádála i gcás na dtáirgí sin laistigh den Aontas;
(c)
dáileadh na dtionchar ar an aeráid agus ar an gcomhshaol, na húsáide fuinnimh, na húsáide acmhainní agus na giniúna dramhaíola a bhaineann leis na táirgí sin ar fud an tslabhra luacha;
(d)
an gá atá ann athbhreithniú agus oiriúnú rialta a dhéanamh ar ghníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 i bhfianaise forbairtí teicneolaíochta agus margaidh.
Déanfaidh an Coimisiún a dhícheall freisin measúnú a dhéanamh ar rannchuidiú féideartha na dtáirgí sin le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus le hathléimneacht eacnamaíoch an Aontais.
|
|
Airteagal 18 2.
|
Agus tosaíocht á tabhairt aige do ghnéithe a bheidh le cumhdach le ceanglais éicidhearthóireachta chothrománacha, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na buntáistí a bhaineann le raon leathan táirgí agus grúpaí táirgí a chumhdach sa ghníomh tarmligthe céanna i ndáil le cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach.
|
|
Airteagal 18 3.
|
Déanfaidh an Coimisiún plean oibre a ghlacadh agus a chur ar fáil go poiblí, in éineacht leis na doiciméid ullmhúcháin ábhartha (‘plean oibre’). Leagfar amach sa phlean oibre liosta de ghrúpaí táirgí a mbeidh tosaíocht le tabhairt dóibh chun ceanglais éicidhearthóireachta a shocrú mar aon leis na hamlínte measta i leith a socraithe. Áireofar sa liosta sin gnéithe táirge agus grúpaí táirgí atáthar lena mheas gur tosaíochtaí iad maidir le ceanglais éicidhearthóireachta chothrománacha a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 5(5), an dara fomhír,
►C2
chomh maith leis na grúpaí de tháirgí tomhaltais gan díol, más ann dóibh, ar ina leith a bheidh breithniú le déanamh i dtaobh toirmeasc ar dhíothú ag oibreoirí eacnamaíocha a thabhairt isteach, bunaithe ar an bhfaisnéis chomhdhlúite a sholáthraítear de bhun Airteagal 26 agus ar aon fhianaise eile atá ar fáil. ◄
Déanfaidh an Coimisiún a mheas, go háirithe, trealamh leictreach agus leictreonach a áireamh nuair a shainaithníonn sé na grúpaí de tháirgí tomhaltais gan díol den chéad uair, más ann dóibh, a measfaidh sé toirmeasc ar dhíothú ag oibreoirí eacnamaíocha a thabhairt isteach ina leith. Cumhdóidh an plean oibre tréimhse trí bliana ar a laghad agus déanfar é a thabhairt cothrom le dáta go rialta. Agus an plean oibre á ghlacadh nó á thabhairt cothrom le dáta aige, déanfaidh an Coimisiún na critéir a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 a chur i gcuntas.
|
|
Airteagal 18 4.
|
Cuirfidh an Coimisiún dréacht den phlean oibre faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa sula nglacfar an plean oibre.
|
|
Airteagal 18 5.
|
Sa chéad phlean oibre, a ghlacfar faoin 19 Aibreán 2025, tabharfaidh an Coimisiún tús áite do na grúpaí táirgí seo a leanas:
(c)
teicstílí, go háirithe éadaí agus coisbheart;
(d)
troscán, lena n-áirítear tochtanna;
(j)
táirgí a bhaineann le fuinneamh a mbeidh ceanglais éicidhearthóireachta le socrú ina leith den chéad uair nó ar ina leith a bheidh bearta atá ann cheana arna nglacadh de bhun Threoir 2009/125/CE le hathbhreithniú faoin Rialachán seo; agus
(k)
táirgí teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide agus leictreonaic eile.
Mura n-áirítear aon cheann de na grúpaí táirgí sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír sa chéad phlean oibre nó má áirítear aon ghrúpa táirgí eile ann, tabharfaidh an Coimisiún údar cuí lena chinneadh sa phlean oibre sin.
|
|
Airteagal 18 6.
|
I gcás nach ann do cheanglais feidhmíochta agus ceanglais faisnéise leormhaithe a bhaineann le lorg comhshaoil agus lorg carbóin na stroighne faoin Rialachán maidir le táirgí foirgníochta, déanfaidh an Coimisiún ceanglais éicidhearthóireachta maidir le stroighin a shocrú i ngníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 tráth nach luaithe ná an 31 Nollaig 2028 agus tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2030.
|
|
Airteagal 18 7.
|
Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas, ar bhonn bliantúil, faoin dul chun cinn atá déanta i leith chur chun feidhme an phlean oibre.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 28.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1781
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|