|
+Airteagal 28 2. |
Airteagal 28 2.Comhlíonfaidh ionadaí údaraithe na cúraimí a shonrófar sa sainordú a gheofar ón monaróir. Leis an sainordú sin, ligfear don ionadaí údaraithe an méid seo a leanas, ar a laghad, a dhéanamh:
(a)
dearbhú comhréireachta AE agus an doiciméadacht theicniúil a choinneáil ar fáil do na húdaráis náisiúnta faireachais margaidh ar feadh 10 mbliana tar éis táirge a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 a chur ar an margadh nó i seirbhís ach amháin má shonraítear tréimhse éagsúil sa ghníomh tarmligthe sin;
(b)
obair a dhéanamh i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta inniúla, arna iarraidh sin dóibh, maidir le haon bheart a dhéantar maidir le cásanna neamhchomhlíonta an táirge a chumhdaítear faoi shainordú an ionadaí údaraithe;
(c)
de thoradh iarraidh réasúnaithe ó údarás inniúil náisiúnta, an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad is gá chun comhréireacht táirge a léiriú a chur ar fáil don údarás sin i dteanga is féidir leis an údarás sin a thuiscint go héasca a luaithe agus is féidir agus in aon chás laistigh de 15 lá tar éis an iarraidh sin a fháil; agus
(d)
an sainordú a fhoirceannadh má ghníomhaíonn an monaróir i gcontrártha lena oibleagáidí faoin Rialachán seo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|